Abstract: Story collected by a student at Ráithín (B.) school (Raheen, Co. Kerry) from informant Siobhán Ní Chodhlata.
Original reference: 0456/5/60
School Ráithín (B.) [Vol. 0456, Chapter 0005]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Lá Fhéile Pádraig [duchas:4711996]
Lá ‘le Pádraig 1. Lá ‘le Pádraig is mé im shuidhe i dtig tabhairne Bhí cuileactha áluinn le’m ais ag ól, Bhí meidhre mánla na gruaige báine A súil mar áirne is a gruaidh mar rós, Bhí dísce sáir-fhear ‘na suidhe ar cláir ann. A thug searc is grádh ceart do’n reilteann óg Fear súiste is ráine is maighistir sgoláirí A sgríobhann a lán agus a léigheann go leór. 11. In easnamh 111. (an máighistir scoile) Sin a mhúineann na sagairt clúmhail Bráthair is ughdair léighinn sa bhFrainnc Lucht thigthibh uasail is an dtighthibh cuairte Is na dochtúirí a dheineann leighis Im bhrógh beidh buachaill imgunna beidh púdair Is deas mo “thrús” is mo “caroline” Ag síor ól brannda seadh bhím gan amhras Nuair a bhíonn na drúid bocht so ag rómhar go doimhin 1V. (An Feirmeóir) Frighim im thréigean agus treabhaim na réidh-chnuic
Lá Fhéile Pádraig [duchas:4711997]
Agus beathaim féinig air airighis fós Páirt de’m shaothar 'seadh an cruithneacht craorach Agus an eorna éiseach a dheineann beóir Nuair a raghaidh mé ar aonach beidh peIrc im’ “beaver” Is ró breágh a’ taosgadh mé “punch” ar bórd Nuair a bhíonn na tréigeanna-se ag siubhal na h-Éireann Is cleití géanna á cur i dtreo V. (An Feirmeóir) Is mear is is láidir a rómhairfainn bánta Is cuirfinn a lán de’n síoltaí i gcré Ní déanfainn stáca go mear ar stáit-se Is mo garraidhe prátaí go deas le'm thaobh Díolfainn a lán díobh chun cíos is eairde As riaraim paiseach ar bocthtaibh Dé Is a croidhe na n-Árann nach mór go mbfearr san Na Sgolaí Máighistir is a mhalaí léighinn V1. (An Cailín) Mo grádh go léir tú mo bhuachaill glé-geal, Is tú mo léan-shearc thar a mhaireann beo Siubhalóichainn leat Éire na Fóda caola Sar a ceangalóchainn feínig leis an spreallairín. Siobhán Ní Chodlata, Annach-beag Gníomh-go-leith, Ráth-Mhór Aois – 71bl.
Original reference: 0456/5/60
Lá Fhéile Pádraig
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5