Abstract: Story collected by Cáit Ní Ioláin, a student at Rathún (Clochar) school (Rahoon, Co. Galway) from informant Miceál Mac Cuirnín.
Original reference: 0030/6/4
School Rathún (Clochar) [Vol. 0030, Chapter 0006]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
An Drochshaol a Bhí Amuigh Fadó [duchas:4645804]
Cáit ní Ioláin. (aois 14 bl) Baile Cláir - Rang 8 Fuaireas an sgéal seo ó Mícheál Mac Cuimín Cinn-Uisge Baile Cláir An droch saoghal a bhí amuigh fadó. Cúpla blian ó shoin, chuala mé sean fhear a rádh go raibh a h-athair amuigh i mblian go raibh an ghorta amuigh. Dubhairt sé go (raibh) sé na daoine ag fághailt bháis leis an ucras. Ní raibh rud ar bith le n-ithe acu, ach coirce agus cruithneacht nach raibh abaidh. Ní féidir na feilméaraí rud ar bith do chur, mar bhí sé ithte acu, nuair a bheith sé ós cionn an talamh. Bhí feilméaraí saidhbhir agus bhí sgioból mór min-coirce cruinnigh suas aige. Bhí na daoine ag dul thart ag iarraidh gráinne min-coirce in Ainm Dé. Gach lá bhí daoine caillte ar thaobh an bhóthair, agus ar gach áit. Déanann daoine poll dóibh, agus cuirtear trí nó ceathar coirp in aon poll. Ní raibh siad ag déanamh aon uaigh san am sin is atá siad ag déanamh indiu. Nuair a bhí an ghorta thart tháinig tinneas mór, agus bhí beagnach
An Drochshaol a Bhí Amuigh Fadó [duchas:4645805]
gach duine buailte suas leis an tinneas. Fuair na daoine sin an galra ó na daoine a bhí caillte ar thaobh an bhóthair. Mar is iomdha lá a bhí cúpla duine caillte in aon teach amháin. Dubhairt an sean fhear freisin, go raibh a h-athair amuigh oidhche na gaoithe Móire. Dubhairt sé go chonnaic sé na tighte ag imirt trí nó ceathar míle ag an gaoth, agus chonnaic sé an fhairrge mhór ag teacht isteach agus báitheadh leath den domhain, idir fear, bean is páiste. Is mór an truaigh an domhain an uair sin, mar bhí cuid de na páiste gan aon athaireacha nó máthaireacha acu.
Original reference: 0030/6/4
An Drochshaol a Bhí Amuigh Fadó
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5