Abstract: Story collected by Seán Ó Beaglaoich, a student at Ballylar school (Magheradrumman, Co. Donegal) (no informant identified).
Original reference: 1090/1/3
School Ballylar [Vol. 1090, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Donegal Schools
Scéal [duchas:4410145]
Sgéal. Deirtear go bhfuil gíníeacha i bhfolach shíos i gCeann a' Phuirt. Seo an dóigh a deirtear gur cuireadh annsin iad. Bhí bád ag gabháil thart ag Ceann a' Phuirt lá amháin. Bhuail sé i n-éadan charraige agus briseadh é. Shnámh muinntear an bháid isteach go dtí 'n cladach agus chuir siad lán bhútaiste d'ór ins an chlochar. Ní rabh siad i bhfad annsin go dtáinig muinntear Chúl a' Doire ortha agus chuir troid ortha. Throid muinntear an bháid gur marbhuigheadh uilig iad. Nuair a bhí an troid thart thoisigh muinntear Chúl a' Doire ag cuartughadh fá choinne na (gh) ngíníeacha acht ní fuair siad iad. Ní dhearna duine ar bith eile iarracht le na bhfágháil.
Original reference: 1090/1/3
Scéal
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5