Abstract: Story collected by Siubhan Ní Thiomanaidhe, a student at Lochmuice school (Loughmuck, Co. Donegal) from informant Siubhan Ní Thiomanaidhe.
Original reference: 1050/1/49
School Lochmuice [Vol. 1050, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Donegal Schools
Éanacha [duchas:4397305]
Nuair a bhí na saighdiúra ag cártaidh iosa le é a chéasadh. Chuaidh sé treasna cuibhreann agus bhí fear ag cur síol ins an chuibhreann. Shiubhail sé fríd cuibhreann agus bhí an fhuil ag tuitim de. Tháinig an spideog bheag thart agus luighe sé ar an fhuil agus ní thiocfadh leis na saighdiúra é a fhághail. B'fhás an cruithreachta suas an bhomaite sin is tháinig na saighdiúra thart ní thiocfadh leobhtha é a fhághail agus thiontuidh siad thart. Bhí an spideog bheag annsin d'éir siad ar a dtacaidh fear ar bith thart. Dubhairt an spideóg "na dtacaidh ó cuireadh an cruithneachta sin". Dubhairt na saighdiúra go rabh siad ag dul an bealach contráltach. Thionntuigh na saighdiúaí thart agus nuair a bhí siad ag tionntuigh tháinig an dreoilínthart agus d'innis sé do na saighdiúra go rabh an t-árbhar cúrtha indé agus fuair na saighdiúra iosa. Is ariamh ó shoin tá mallacht ar an dreoilí˜. Siubhan Ní Thiomanaidhe a d'innis dó Siubhan Ní Thiomanaidhe. Siubhan Ní Thiomanaidhe Mín an t-Samhaidh, Baile na Finne Leibhthearr.
Original reference: 1050/1/49
Éanacha
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5