Abstract: Story collected by Brígid Ní Éalbháird, a student at Curry (C.) school (Curry, Co. Sligo)Mike John.
Original reference: 0170/6/4
School Curry (C.) [Vol. 0170, Chapter 0006]
County The Schools' Manuscript Collection : County Sligo Schools
Éanacha [duchas:4694448]
Má thagann cearc insteach san dteach agus tráithnín ar a ruball gheobhaidh duine éicínt bás. Ní cheart uibheacha a chur faoi gé óg. Níl sé sona gairm an choiligh a chloisteáil tar éis sé a chluig sa tráthnóna. Bíonn na sicíní a thagas amach i mí Mheithimh lag agus ní cheart uibheacha a chur i mí Mheithimh. Ní cheart blaosg uibhe a chur san dteine mar ní bheirfidh na h-éanacha uibheacha feasta. Is ceart cearc a ghlaodhann ar nós coiligh a mharbhadh. Dúisigheann na rudaí seo an diabhail:- bean ag feadghail Cearc ag grágghail. Nuair a cídhtear snag breac deirtear Aon do'n mhí-ádh Dó do'n ádh Trí do'n chrádh Cúig do'n airgead Sé do'n ór Seacht do'n rún faoi chlúid go deó. Nuair a bhíos dhá chirc ag troid tiocfaidh sráinséar. Nuair a fheictear dhá coileach ag troid pósfar duine. Nuair a bhíos na cearca ag sgriobadh faoi sgeich tá fearthainn ag teacht.
Original reference: 0170/6/4
Éanacha
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5