Abstract: Story collected by Séamus Ó Maoilearca, a student at Teach Chaoin (B.) school (Tagheen, Co. Mayo) (no informant identified).
Original reference: 0096/3/4
School Teach Chaoin (B.) [Vol. 0096, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Mayo Schools
Seanscoileanna [duchas:4348932]
Sean Scoileanna Sar ar cuireadh na scoileanna Náisiúnda ar bun bhiodh scoileanna scairte scoileanns fóidín nó gear scoileanna thart sa gceanntar seo. Manaigh mná riaghalta nó máighistirí scoile a bhiodh ag múineadh ionnta. Tíghthe déanta de fhóidíní nó cloche a bhí ionnta agus iad cumhdaighthe le tuighe. Is minic a bhiodh braon anuas ar na scoláirí agus iad ag foghluim. Comhnuigheadh na manaigh nó na mná riaghalta ins na mainistreacha agus ins na clochair ach téigheadh na máistreacha ó theach go teach. Cuireadh siad futha i dtighthe na bpáistí a bhiod ag teach tar scoil. Íocadh tuismightheóirí na bpáistí iad gach ráithe. Bhí mainistir i Mhuigheo sa mbliadhan 668 A.D. agus thainic scoláirí ón Európ go dtí an scoil sin mar bhí troid ina dtír féin. Mar gheall ar an mead scoláire a tháinigh chuige tugadh Muigheo na Sacsan ar an áit.
Seanscoileanna [duchas:4348933]
Faoi an am seo chuir Naomh Cholmán a bhí i gceannas i Muigheo beirt mhana go Teach Chaoin agus cuireadh sgoil eile ar bun annseo. Bhí scoil ar bun i mBaile an Tobair agus deirtear gur annseo a h-oileadh Alfred The Great. Deireann cuid eile gur i Muigheo na Sacsan a h-oileadh é. Bhí sean scoil eile ar bun in Ahena.
Original reference: 0096/3/4
Seanscoileanna
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5