Abstract: Story collected by a student at S.N. Chnoc Chrochaire school (Knockcroghery, Co. Roscommon) (no informant identified).
Original reference: 0266/1/19
School S.N. Chnoc Chrochaire [Vol. 0266, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Roscommon Schools
Rinn Dúin [duchas:4879890]
Rinn Dúin Timcheall míle go leith soir ó leithcheathramha ar bhruach Loch Ríbh atá Rinn Dúin - rinn a ritheas amach leithmhíle i Loch Ríbh. Treasna na Rinne seo tá balla mór - dhá throigh dhéag ar áirde. Tá an balla seo fá thuairim leithmhíle ar fhaid agus ritheann sé chomh fada leis an uisce ar ghach taoibh den Rinn. Tá áit mhór gheata ina lár agus leithchéad slat ar ghach taoibh de sin tá dhá fhothrach sa mball. Túir...
Rinn Dúin [duchas:4879892]
Áit an Gheata ar bhalla Rinn Dúin
Rinn Dúin [duchas:4879891]
fháire chearnógacha a bhíodh ionntu agus tá scoilt-fhuinneoga árda caola - trí cinn díobtha - i ngach ceann acu. Saighdiúir a bhéadh ar faire i dtúr acu thiocfadh dhó a bheith i gcomhnuidhe in áirdeall ar an ngeata. Tá timcheall dhá scór acra talmhan sa gcuid den rinn atá taobh istigh den bhalla treasna. In aice le ceann na rinne atá na fothraigh eile:- seanchaisleán, teampall agus ar an mball is fuide amach túr cruinn. Tá móta leathan domhain móir - timcheall an chaisleáin agus bhíodh sé seo líonta le
Rinn Dúin [duchas:4879894]
Caisleán Rinn Dúin
Rinn Dúin [duchas:4879893]
uisce ón loch. Tá bealach isteach sa gcaisleán anois áit a mbíodh an tarraing-droichead fadó. Siad na h-ainmneacha a bhíódh ar an áit seo "Teach-lóin Rinn Dúin" nó "Inbhear-an-Dúin". An "Coinicéar" nó an "Warren" a bheirtear anois air. Cuireadh árús ar bun annseo do Ridirí Sain tSeáin le linn Seán a bheith ina rí ar Shasana ach ceaptar go raibh dún mór anseo in aimsir na págántachta. Tá na caisleán féin tóigthe ar árdán carraigreach ar bhruach Loch Ríbh
Rinn Dúin [duchas:4879896]
Caisleán Rinn Dúin An Geata
Rinn Dúin [duchas:4879898]
Cuid den bhalla
Rinn Dúin [duchas:4879900]
An Teampall .i. Priaracht Eoin Naomhtha
Original reference: 0266/1/19
Rinn Dúin
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5