Previous | Item 3 of 155 |

Bhí feirmeóir mór ann fadó agus bhí buachaill bocht mar buachaill aimsire aige.

Abstract: Story collected by a student at Breac-Cluain (B.) school (Brackloon, Co. Kerry) from informant Nóra Ní Laochdha.

Original reference: 0426/3/76

Loading...School Breac-Cluain (B.) [Vol. 0426, Chapter 0003]

County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools

INFORMANT
Laochdha, Nóra Ní
Gender
female

transcribed at

 

Breac-Cluain (B.) [duchas:4678255]

Bhí feirmeoir mór ann fadó agus bhí buachaill bocht mar buachaill aimsire aige. Bhí an bheirt acu pósta. Bhí tighthe agus gáirdiní bréaghte ag an bhfheirmeoir agus ní raibh ag an bhfear bocht ach an méid a thug an feirmeoir do. Bhí inghean ag an bhfheirmeoir agus mac ag an bhfhear bocht agus lá des na laeteanta cuaidh fear-feasa timcheall agus dubhairt sé leis an bhfeirmeoir gur biadh san an bheirt a pósfaí fós. Nior thaithin san leis an bhfeirmeoir a rádh gur bé mac an duine bhoicht a bheadh mar cliamain aige féin. Chuaidh sé go dtí an duine bocht agus lorg sé an mac óg air. Ní fheadffainn é tabhairt duit arsa an fear bocht mar níl aon duine eile sa tsaoghal againn ach é. Bhell arsa an feirmeoir bí glanta amach as so amáireach mar a dtabarfhair an leanbh dómsa. Ba leis an feirmeoir an tig a bhí ag an bhfear bocht agus ní bheadh aon áit eile aige chun dul, agus nuair a cuaidh sé abhaile d'innis séan sgeal do na bheann. Ní raibh sí sin sástha an leanbh a sgaoileadh uaití ní nách locht uirtí, ach nuair a chuimhnig sí ná bheadh aon áit eile acu cun dul do sgaoiladar leis an leanbh go brónach. Seadh bhí an feirmeoir sásta anois agus dubhairt sé ná beadh sé mar chliamhain go deo aige féin. Cuaidh sé go dtí na bhean agus dubhairt sé léi go marbhóghadh sé an leanbh, ach dúbhairt sí leis gan é marbhúghadhi naon-cor ar eagla na h-eagla go bhfaigheadh duine éigin

Breac-Cluain (B.) [duchas:4678256]

amach é ach bhfuil fhios agath cad a deanfair  cuirimíd isteach i gcisean é agus sgaoilímid léis an gceadh tuille eile a bheidh san abhainn é agus bádfar é. Tá an ceart agath ars an feirmeóir. An ceadh lá bhí tuille ceart san abhainn agus do chaitheadar an cisean léis an tuille agus an leanbh isthigh ann. Bhí muilleantóir í n-aice na habhann cúpla mile on bhfheirmeoir agus ana chairde a beadh iadh. An lá so ach go h airighthe ní raibh de chúram ar an muilleantóir ach ag glanadh na h-abhann. Cadh a chidfeadh sé ar bharra na h-abhann ach cisean. Tug sé léis abhaile é agus d'osgail sé é agus cadh a bheadh istig ann ach leanbhín. Choinnibh sé an leanbh chuige féin agus do dein buacaill mait mor do. Cuaidh an feirmeoir ar cuairdh lá go dtí an muilleann agus bhí ana iongnadh air nuair a chonnaich sé an garsún. Cé leis an garsún ars é?nó cadh as é? Dinnis an muilleantóir do conus mar fuair sé an garsúnach chait sé na mion is na moidhe a tabhairt na bogfhadh sé a bhéal air lé h-aoinne. Annsan dubhairth an feirmeóir go dteastuig an garsuin uaidh lé cur ar teachtaireacth go dtí na thig féin. Thug sé píosa páipear do agus rudh eighin scriobhta ann agus d'imthigh an buacaill.Bhí sé ag imteachth ar feadh an lae agus sa deire buaileadh isteach i mbothainin é agus ní raibh

Breac-Cluain (B.) [duchas:4678257]

aoinne roimis ach seana bhean chríonna. Dhéin sí braon té agus tug sop sa chúinne dhó.Lar na h-oidce tháinig beirth isteach agus beithidheach mór trom tar éis a bheit goidhidhte acu. Nuair a connacadar an leaidh sa chuinne bhíodar cun é mharbhúgadh agus d'innis an seann bhean doibh gurabh amlaidh a cuaidh sé amúga. Dubairt an fear léis an ngarsúinín an páipear a bhí aige a thabhairt doibh. Nuair a connacadar an rud a bhí sgriobhtha ann "Nuair a ragadh an buacaill seo go dtí an dtig é marbhuigheadh" do glanadar amac é agus do sgriobhadar é seo ann "Nuair a raghadh an buachaill seo go dtí an dtigh é phósadh." Thugadar an páipéar d'on mbuachaill airis agus sgaoileadhar leis. Nuair a cuaidh an buachaill go tig an feirméora do léigeadar an páipéar agus an lá na dhiaidh san phós an garsún inghean an feirmeóra. B'fada léis an bhfeirmeóir go raibh sé ag fághail aon sgeala o'n dtig agus cuir sé cun siubail lán tsásta i na aigne deire a bheith curtha léis an leaid.Nuair a chuaidh sé abhaile do leath a shúile air nuair a chonnaic sé an garsún ag obair sa ghort. Thainig rabharta feirge air ach ní raibh aon nídh lé deanam aige ach é cur do. Annsan do ghlaoidh sé chuige ar a chliamhain agus dubairt sé léis imteacht leis agus trí ribe a thabhairt

Breac-Cluain (B.) [duchas:4678258]

ó cheann Fathach an Óir. D'imtig sé léis agus bhí sé ag imtheacht riamh is coidhche nó go dtáinig sé go dtí céardshain. D'fhiafhruig sé do'n ngabha an bhfeadfhadh sé lóisdin na h-oidce a thabhairt do. Dúbhairt an gabha go bhfeadfadh agus fáilte. D'fhiafhruig an gabha dho chá raibh sé ag dul nó cad a bhí uaidh. D'innis an garsun do. Tá arsa an gabha buillig nua agam agus da mbeinn á n-úsáid go deo ní chuiridís aon speilp orm an bhfeadfá a d'fagail amach cadh fé ndeara é? Deanfhadh mo dhícheall ars an garsún agus do bhailig sé léis ar breacadh an lae. Bhí sé ag imteacht riamh is choidhce nó go mbuail tig léis. Gáirdineóir a beadh fear an tíge sín. Loirg an garsun lóisdín na h-oidce air.Do fuair am baic ach má fuair bhí an gáirdineóir á ceistiú cadh a bhí uaidh nó cá raibh sé ag dul. D'innis an garsún do cadh a bhí uaidh. Ó mhuise ars an gáirdineóir tá crainn agamsa agus dá mbeinn ag cur leasú go deo ortha ní thíocfadh aon toradh ortha. An bhfeadfá a d'fághail amach cadh tá a dheanamh leó. Deanfadh mo dhícheall ars an garsún agus prioc sé léis. Bhí sé ag imtheacht léis go tratnona thíar.Agus sa deire buail tighe leis. Bhuail sé isteach agus loirg sé lóisdin ar fhear an tíge.

Breac-Cluain (B.) [duchas:4678259]

Muilleantóir a beadh é sin do réir deallriamh agus bhí muilleann aige agus da mbeadh sé a d'usáidh go deo ní cuirfeadh sé aon speilp air. D'fiafhruig sé do'n ngarsún cadh fé ndeara é. Ní raibh an fhios ag an ngarsún ach dubhairt sé go ndeanfadh sé a dhícheall ar é d' fhágail amach. D'imthig an garsun léis  agus tratnóna bhí sé ag deanamh isteach ar tig Fathach an Óir. Bhuail cailin ana bhréagh léis. D'fhiafhruig sé dhí an b'féadfádh sí aon chabhair a thabhairt do chun trí Ribe as cheann Fathach an Óir a dfhágail. Dubhairt sí leis go bhfeadhfhadh agus fáilte ach nách anois é. Dá bhfaghfá áraistí bheaga óir agus beith a ndíol agus teacht go dtí an dtig mar níl faich o'n bFathach so ach gach aon rudh óir. D'imtig an garsún agus i gceann cúpla lá tháinig sé ag díol na n-áiristí. Cnag sé ar an ndoras agus tháinig an cailín amach cúige. Ó ars sise anois a bhí an dinnéar é agus taréis gach dínear caitheann sé snap chodhlata a déanamh. Sín an Fathach é féin siar agus cuir sé a cheann ar ucht an cháilín agus bhí sé ag tuiteam dá chodhladh díreach nuair a baineadh priocadh as. Do léim sé agus do dhein sé sgréach mór a chloisfaí sa Domhan Thoir. Tá tú cun rudh eigin a dheanamh líom anóis ars an Fathach caithfhidh mé tú a mharbhugadh  ó éist  ars an cailín ní rabhas

Breac-Cluain (B.) [duchas:4678260]

ag deanam faich leat ach ribe liath a bhí ag teacht ar do cheann agus bá mór an truag é d'fheiscint ann. Ó tá an ceart agat ars an Fathach. agus do shín sé siar aris. Cogar ars an cailín ta gabha i na leitéidh seo d'áit agus tá buillig nua aige agus dá mbeadh sé ag oibriú go deó leó ní cuirfidís aon speilp air.Ní cuirid gan dabht ars an Fathach mar tá buille luath an Luain agus buille deireanach an tSathairn aige. Do bhí sé ag tuiteamh dá chodladh arís nuair a baineadh priocadh eile as. Do dhein sé sgréach mór a bhí i bhfadh nios mó ná an ceann roímis sín. t'án tú cún rudh éigin a deanamh liom siúrálta ars an Fathach agus caitfhidh mé tú a mharbhúgadh. Nilim chun faich a deanam leat ars an cailín ach ribe liath a bhí adh cheann agus ba mhór an truag é d'fheiscint ann. Ó ta an ceart agat ars an Fathach agus do shín sé siar aris. Cogar ars an cailín tá gairdineóir i n-áit airighthe agus dá mbeadh sé ag cur leasú go deo leis na crainn ní thiocfadh aon toradh orta. Ta ars an Fathach ní ligeann sé do's na h-éanlaithe teachth na ngoire agus iteann na piastaí na tortaí go léir. Do bhí sé ag tuiteam dá codladh an tríomhadh uair nuair a bhaineadh priocadh eile as. Do léim sé agus bhí sé

Breac-Cluain (B.) [duchas:4678261]

direach chun í marbhú nuair a dubhairt sí gurabh amhlaidh a bhí ribe liath na cheann agus go liathfhadh se an cuidh eile ar fadh mara dtogfaí as é. Ó tá an ceart agat ars an Fathach. Cogar ars an cailín tá muilleantóir i na leiteidh seó d'áit agus dá mbeadh sé ag oibriú go deó ní bheadh aon speilp air. Ní haon ionghanthas do ars an Fathach mar tá an droiceadh pollta ag na Franncaig agus ní riteann an tuisge isteach sa n-áit cheart. Sá deire thuit a chodladh ar an bFathach agus leig sé a cheann anuas ar cathaoir bhog. Annsan cúaidh sí amach go dtí an búacaill agus thug sí na trí ribe óir do agus na ceisteanna reidtidhche. Anois ars sise nuair a ragair abhaile ná tabair  do i naon chor iadh mar marbhoghadh sé laitreach tú ach teaspáin do iadh. Agus cídheann tú an abhainn sin thiar tabair aire dhuit féin nuair a bheidh tú ag teacht amach as an mbádh mar dá dtiochfadh fear an  bháidh amach romat chaithfeása fanacht annsan nó go ndeanfá an cleas ceadhna lé duine éigin eile. D'imtig sé léis agus cuaidh sé isteach an bhadh agus nuair a bhí an abhainn treasnaighthe acu bhí fear an báidh cún léimeadh anach  ach bhí an garsún ró thapaidh do. Bhí sé ag imteachth léis agus bhuail an muilleantóir léis. Dubairt sé léis annsan go gcaithfheadh sé droicheadh na h-abann a socharughadh.

Breac-Cluain (B.) [duchas:4678262]

Bhí an muilleantóir sastha léis an sgéal agus do thug sé trí púint do. An cheadh tig eile a bhuail léis ná tig an gairdineóra. Ní raibh fhios aige gurabh iadh na h-éin a bhíodh ag deanam aon mhaitheas agus thug sé trí púint do as an sgéal a breith chuige. Bhí sé ag imteachth leis agus sé an ceadh tig eile a bhuail léis na tig an ghaba. Cuaidh sé isteach agus dinnis sé do gur bé fé ndeara dho gan a bheit saidhbhir na buille luat an Luain agus an buille deirineach an tSatairn a bheit aige. Thug an gaba trí púint do as an sgéil a breith  cuige. Nior bfhada uaidh a bhí an baile anois agus do bhain sé amach é trathnóna an lae sín. Nuair a cuaidh sé abaile theaspáin sé na trí ribe óir d'atair a céile agus annsan dhoig sé iadh. Cadh na thaobh gur dheinis é sín ars athair a céile léis. Ní dubhrais liom a tabhairt duith i naon chor ach díreach iadh a theaspáint duit. D'imtigh atair a céile an garsúin annsan ag lorg na trí ribe óir, féuchaint an bfeadfadh sé an garsún a mharbúghadh. Tháinig go dtí tig Fhathach    Fathach an Óir. Tháinig an cailín amach agus dubhairt sí léis go raibh gom ghlan ar an bFhathach indhiú agus aoinne go mbearfadh sé ag an dtig air go n-iosfadh sé é. D'imthig an fear fé mar thainig sé ach amsin go

Breac-Cluain (B.) [duchas:4678263]

raibh breall air. Chuaidh sé isteach sa bádh gan cúntas aige air faich. Nuair a bhiodhar ag port na h-abhann do léim fear an bháidh amach agus chaith atair a ceile an gharsúin fanacht ann agus tá sé ann fós an bádh fé draoidheacht. Tá mach an fhir boicht i dtalamh an fheirmeóra. Chúir sé fios ar athair agus ar a mháthair agus tá siadh ar na daoíne is saidhbhre sa náit.

Fuaireas féin an cnuasacht so ó Nóra Ní Laochdha-gaol dom.Fuair sise iad ó na h-athair-feirmeoir-aos 63 bliadhna. Comhnuidheann an t-athair i mBaile Uí Curráin, Paróisde Chill' Chabháin, Baile an Fhirtéuraigh. Níor fhág sé riamh a áit dúthchais. 
Tógadh síos in Aibrán 1938.

Origin information
Brackloon, Co. Kerry
Date created:
Type of Resource
text
Physical description
p. 583-591
Volume 0426
Note
Collected as part of the Schools' Folklore scheme, 1937-1938, under the supervision of teacher Pádraig Ó Séaghdha.
Languages
Irish  
Genre
Folktale
School location
BrackloonAn Bhreac-chluainBrackloonBallynacourtyCorkaguinyKerry
Location
https://doi.org/10.7925/drs1.duchas_4688965
Location
University College Dublin. National Folklore Collection UCD .

Original reference: 0426/3/76

Suggested credit
"Bhí feirmeóir mór ann fadó agus bhí buachaill bocht mar buachaill aimsire aige."in "The Schools' Manuscript Collection," held by University College Dublin, National Folklore Collection UCD. © University College Dublin. Digital content by: Glenbeigh Records Management, published by UCD Library, University College Dublin <https://doi.org/10.7925/drs1.duchas_4688965>
Note
Collected as part of the Schools' Folklore scheme, 1937-1938, under the supervision of teacher Pádraig Ó Séaghdha.
Funding
Supported by funding from the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Ireland), University College Dublin, and the National Folklore Foundation (Fondúireacht Bhéaloideas Éireann), 2014-2016.
Record source
Metadata creation date: 2014/2016 — Metadata created by Fiontar, Dublin City University, in collaboration with the National Folklore Collection UCD and UCD Library. Original Fiontar metadata converted into MODS by UCD Library.

Rights & Usage Conditions

Creative Commons License
Bhí feirmeóir mór ann fadó agus bhí buachaill bocht mar buachaill aimsire aige. is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.

Copyright of the original resource: University College Dublin

To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5