Abstract: Story collected by a student at Breac-Cluain (B.) school (Brackloon, Co. Kerry) from informant Máighréad Bean Uí Chathasaigh.
Original reference: 0426/3/33
School Breac-Cluain (B.) [Vol. 0426, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Scéal [duchas:4678183]
Bhí gadaidhe ann fadó d'árb ainm an Gadaidhe Dubh. Aon lá amháin chuir fear geall leis ná goidfeadh sé an bharlín go bhead sé 'na luighe uirthi an oidhche sin. Fear ana shaidhbhir do beadh an fear agus chuir an gadaidhe geall dhá chéad púnt leis. An oidhche sin nuair a chuaidh an fear a chodladh thug sé gunna leis. Fúair an gadaidhe dréimire agus chuir sé fear marbh a cuireadh an lá sin taobh amuigh d'en fuinneóig. Nuair a chonnaic an fear an fear marbh cheap sé gur b'é an gadaidhe a bhí ann agus chuir sé piléar tríd. Thuit an fear anuas agus cheap an fear go raibh an gadaidhe marbh aige. Rith sé féin agus a bhean amach chun an gadaidhe do chur san iothlainn. D'fhág siad an doras oscailte mar bhí an iomad fotharaga ortha.Chuaidh an gadaidhe isteach an fhad a bhíodar amuigh agus ghoid an bhairlín. Núair a tháinigh an fear isteach chonnaic sé go raibh an bhairlín imthighthe agus bhí fhios aige gur b'é an gadaidhe a thóg í. Do theasbáin an gadaidhe an bhairlín do an lá 'na dhiaidh agus fuair sé an dá chéad púnt. Tógtha ó Maighréad Bean Uí Chathasaigh;Fearann na Carraige; Abha na Scáil: Bean feirmeora. Aois 41 bliadhain. Chaith sí a saoghal sa cheanntar. Fuair sí an scéal ó seandaoine timcheall 30 bliadhain ó shoin, agus bhíodar san 'san am san os cionn 70 bliadhain. Níor fhágadar an paróisde riamh.Bhíodar 'na gcomhnaidhe i nGort a' Corráin. Sgriobhadh síos an scéal so an 22/3/'38.
Original reference: 0426/3/33
Scéal
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5