Abstract: Story collected by a student at Ceathramha 'n Bhrúnaigh school (Carrowbrowne, Co. Galway) from informant Stiophán Ó Briain.
Original reference: 0030/3/1
School Ceathramha 'n Bhrúnaigh [Vol. 0030, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Galway Schools
Scéal na Caillí Béara [duchas:4645529]
Bhí bean ann uair amháin, an Chailleach Béarach an t-ainm a bhí uirri. Bhí sí in a cómhnaidhe i nGort a’ Chalaidh. Is iomdha fear a mharbhuigh sí mar bhí draoidheacht aici. D’iarr sí ar fhear, uair amháin, a theacht ag congnadh dhi ag bainnt fhéir. “Ó” arsa an an fear “tá mo chuid fhataí ithte agam anois, mar marbhocha sí mé mar a rinne sí le gach fear eile.” Bhí bean aige, agus a athair féin. Bean as Muigh-Eó a bhí innti i dtosach, agus tháinig sí ag iarraidh a dhul ar aimsire. Dubhairt an buachaill seo agus a athair go bhféadfadh sí fanacht acu féin. D’fan sí ann agus i gceann cupla bliadhain dubairt an sean-fhear leis an bhfear óg go mba cheart dhó í a phósadh agus í a bheith aige dhó fhéin. An lá seo dubhairt a bhean leis “ná bíodh
Scéal na Caillí Béara [duchas:4645530]
eagla ort; ach teigh go Muigheó. Tá gabha ann agus teigh chuige agus iarr ar speal a dhéanamh dhuit, a bhainfeadh olann ar bárr tuinne. Iarr ar freisin deich mbior cruaidhe a dhéanamh dhuit. Má fhiafhruigheann sé dhuit cé chur chuige thú abair gurbh í do bhean. Nuair a dhéanfas sé an chéad speal clisfe sé ar.” Bhí go maith. D’imthigh sé leis. Tháinig sé go dti an gabha. Rinne an gabha an speal dó agus chuir sé faobhar air le allus a mhalaí. Nuair a theisteáil sé é dubhairt sé nach raibh aon mhaith leis. Rinne sé ceann eile agus léim an t-aidhbhirteoir as agus chuaidh sé amach an fhuinneóg. Dubhairt sé go raibh an ceann sin sáthach maith. Nuair a bhí sin déanta aige agus na bioranna fáighte aige d’fhiafruigh sé dhó ché chuir chuige é. Dubhairt sé leis gurb é a bhean a chuir chuige é. D’fhiafhruigh sé cé’n sórt bean a bhí innte, agus d’innsigh sé dhó. D’fhiafruigh sé dhó cé’n fhaid a bhí sí aige. Dubhairt sé go raibh sí aige seacht mbliadhna agus seacht lá. Annsin dubhairt an gabha, “sin í m’inghean-sa tá sí imthighthe uaim le seacht mbliadhain agus seacht lá.” Chuaidh sé abhaile agus chuaidh sé ag bainnt an fhéir don chailligh. Chuir an Cailleach amach roimpí féin é mar cheap sí go mbeadh sí indon é a mharbhú ar an gcaoi sin nuair nach mbeadh sé indon a dhul chomh mear leithi féin. Chuaidh sé amach agus bhí sé ag sáthú beara
Scéal na Caillí Béara [duchas:4645531]
sa móinfhéar gach uair a d’fhéad sé. Nuair a thagadh an Chailleach Bhéara go dtí an bior agus nuair a ghearradh sí é déarfadh sí leis an fear. “Is láidir an tráithnín é sin a bhain mé.” Tuairim ag am dinnéir bhí an speal ag cliseadh uirri, agus chaith sí faobhar a chur ar. “Faobhar, Faobhar, a bhainfeadh féar” ar sise. Ní h-eadh arsa an fear “ach fear breágh láidir agus speal mhaith ghéar.” Bhí sí ag bainnt agus ag bainnt agus bhí an speal ag cliseadh uirri. Sa deire bhí an fear ag teacht suas leithe. Nuair a tháinig sé suas leithe bhain sé na cosa dhí agus dob’é sin an deire do’n Chailligh Bhéara. Tá Gort an Chalaidh tuairim ceithre mhíle ó Gaillimh ar bruach locha Coirib ar an taobh thoir.
Original reference: 0030/3/1
Scéal na Caillí Béara
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5