Abstract: Story collected by Dónal Ó h- Áinle, a student at Cill Mhic Eoghain school (Kilmackowen, Co. Cork) from informant Tadhg Ó h- Áinle.
Original reference: 0276/1/39
School Cill Mhic Eoghain [Vol. 0276, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Cork Schools
Longbhriseadh [duchas:4801789]
I Mí na Samhna ab'eadh é, agus bhí na daoine ó Béalachrabháin ag íascaireacht amuigh sa bhfairrge. Sa bhlían 1918 ab'eadh é. Nuair a bhí na báid ag teacht isteach ar maidin thosnuigheadar ag rás le'n a chéile. Nuair a bhíodear ag teacht isteach ar an dtaobh thíar de Chíllcatíarainn do chuaidh an bád suas ar bhuilig, agus d'iompuig sí, agus do thuit na daoine go léir amach san uisge. Bhí sé fir sa bhá, ach bhí ceann acu sábháilte. Rug sé greim ar maide rámha, agus dá bhrígh sin d'fhan sé ar bhárr an uisge go dtí gur tháinig cabhair cuige. Mhair sé an feadh tamaill agus bhí sé ablata ar an sgéal go léir d'innsint do gach aoinne. Bhí na cúig fir eile báidhte agus ní raibh na daoine ábalta ar íad d'fhághail. Fuair a dtuismuightheóirí dhá thúmadóir annsann agus nuair a chuaidh na túmadóirí síos, ní raibh aon chorp le fághail. Tar éis trí nó ceithre seachtmhaine bhí duine síos inaice an chéibh agus chonnaich sé ceithre cuirpeanna
Longbhriseadh [duchas:4801790]
ag teacht isteach tríd an uisge. Nuair a thánadar go dtí an ché, thóg na daoine amach íad.
Original reference: 0276/1/39
Longbhriseadh
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5