Abstract: Story collected by Séamus Ó Maoilearca, a student at Teach Chaoin (B.) school (Tagheen, Co. Mayo) (no informant identified).
Original reference: 0096/3/22
School Teach Chaoin (B.) [Vol. 0096, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Mayo Schools
An tAonach [duchas:4348966]
An t-Aonach De réir seanchus na h-aite seo bhiodh na h-aontai i gClár Cloinne Mhuiris baile cúige mile on áit seo. Níl aon áit thart annseo ar a dtugtar páirc an aonaigh. Téigheadh agus téigheann go foil ceannuightheóirí ó theach go teach ag ceannacht stoic. Bíonn a cheird féin ag gach ceannuightheóir. Ceannuigheann cuid aca gamhna, cuid aca bulláin agus budógai ramhra, agus ceannuigheann cuid eile nach iad ba ionlaoigh. Ní bhioch aontaighe a ann fadó nach
An tAonach [duchas:4348967]
bhfuil ann anois. Tá páirc nó sráid speisealta i gClár Cloinne mhuiris le h-aghaidh aontaighe ann. Ioctar paidhc ar gach beithidheach a dioltar ar. Ioctar le Aontoine De Brett é. Sé pigne ar bhuin ceithre pighne ar muic, dha phiginn ar bhanbh. Gach beithidheach a dioltar ar an aonach nuair a gheibheann an dioltar an luach tugann sé boinn sochair do’n gceannuightheóir. Is do réir an luach méid an bhuinnt sochair. Nuair a ceannuighthear beithidheach tugann an ceannuightheóir “eirnist” don díoltóir ma bhíonn faitchios air go ndíolfaidh se le h-éinne eile. Go h-ionamhail is scilling a bheireann sé dhó acht dheanfadh airgead ar bith. Nuair a ceannuightear beithidheach cuirtear marc éigin air – seal do dath dheirg no de dhath ar bith eile. Uaireanta geárann siad an fionnadh le siosúr. Nuair a thosuigheann siad ag deanamh an margaidh iarann an díoltar luach
An tAonach [duchas:4348968]
éigin ar an gceannuightheoir. Deireann an ceannuightheóir leis a lámh a shíneadh amach. Síneann sé a lámh amach agus tairgeann se luach éigin ar an mbeithidheach.ó gan éa thógáil. Má bhionn an ceannuightheóir sásta buaIleann sé bos ar agus deireann sé leis é a thógáil n. Má thógann sé cuireann sé laitheach ar an mbeitheadhach le maide. Annsin geárann sé a mharc air le siosúr, tarra no séal éigin eile. Annsin mar dubhras ceana tugann sé eirnist dó. Nuair a ceannuightear capall is iondamhail go dtugann an díoltóir an t-ádhastar don gceannuighthoir go speiséalta más fear tuaithe a cheannuigheann é. Nuair a thosuigheann duine ag ceannacht ma thosuigheann an beithidheach ag mún ní thógfadh sé é mar deireadh sé nach mbeidh sé ádhmahil é a dhéanamh. I Mí Dheireadh Fóghmhair in Aibrean agus i Mí na Nodlaig a thárluigheann na h-aontaí is mo le rádh. Bionn aontaí i gcóir na mbeithidheach agus na gcaorach le chéile agus aontaí i gcóir na muc agus na mbanbh. Ní bhionn aon aonach
An tAonach [duchas:4348969]
speisealta i coir na gcapall.
Original reference: 0096/3/22
An tAonach
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5