Abstract: Story collected by Séamus Ó Maoilearca, a student at Teach Chaoin (B.) school (Tagheen, Co. Mayo) (no informant identified).
Original reference: 0096/3/21
School Teach Chaoin (B.) [Vol. 0096, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Mayo Schools
Éadaí [duchas:4348965]
Éadaighe Níl aon tailliúr sa bparaiste seo anaois. Bhí tailliúr ann cúpla bliadhain ó shoin ach fuair sé bás. Balbhán bodhar a bhí ann agus d’oibruigheadh se ina theach féin. Ní choinnigheadh sé éadaighe ar bith sa teach. Ta táilliúiri i gClár Cloinne Mhuiris agus cuinnuigheann siad ádhbhar cultacha sa teach agus ní de deanamh na h-áite iad. Ni chaitheann na daoine cultacha de éadach na h-áite de ghnáth. Deantar leinteacha san áit seo go speisealta do gasúiribh beaga. Fadó deintí de lín éadach iad ach ní dhéantar anois iad. Cnitéalann na maithreacha agus na cailíní óga stocaí go speisealta do na fir agus do na paistibh. Caitheann na mna stocaí a gheibheann siad ins na siopaí. Tá ceithre túirne ag obair san áit – (1) Bean Uí Mhaolaithe i gCláirín. (2) Bean Uí Fhloinn Cluain – Caoin. (3) Bean Ui Choisdealbhaigh Druim- Sionnach. (4) Bean Uí Dhubhan, Cláirin. Ceannuightear
Éadaí [duchas:4348966]
furmhór ádhbhair na stocaí ins na siopaí. Ní chaitheann na daoine aon éadaigh speisealta acht amhain indiaidh bhais duine caitheann siad éadaighe dubha. Caitheann siad cros dubh ar mhuincill a gcóta go mbionn an marbhán curtha bliadain. Uaireannta caitheann na mna ribín glas agus na fir carabhataí glasa L’ál Pádhraic.
Original reference: 0096/3/21
Éadaí
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5