Abstract: Story collected by a student at Scoil N. Gobnait school (Dunquin, Co. Kerry) from informant Seán Criomhthain.
Original reference: 0418/1/2
School Scoil N. Gobnait [Vol. 0418, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
An Seanbhéim Céachta [duchas:4673946]
Bhí feirmeóir mór láidir ann fadó, agus bhí feur sé nó seacht de bha aige. Aon mhaidean amháin chuir sé teachtaire leis na ba ar an ngort. Ní raghadh siad isteach thar geata dho. Tháinig sé abhaile agus dúbhairt sé leis an bhfeirmeóir é. D'imthig an feirmeóir agus thug sé taobhán mór maith leis agus nuair a tháinig sé go dtí an ngeata, chonnaic sé fear críonna taobh istig de gheata
An Seanbhéim Céachta [duchas:4673947]
"Fág an áit sin," arsan feirmeóir "nó chuirfhin an maide ceangailte ud' cheann". "Ó! ná dein." arsan seanduine, "is amhlaidh a thángasa anso chun go raghfá ag fuadach mná." D'fhiafruig sé de'n bhfeirmeóir an raghadh sé farais agus dúbhairt sé go rachadh. D'imthigheadar agus bhí saghas capaill acu agus nuair a léimeadh an capall na cladhthacha, "Mhuise mo ghrádh do léim a sheana-bhéim ceuchta." a deireadh an seana-duine. Thángadar go dtí tig an rínnce agus dúbhairt an seana duine leis an bhfear dul isteach agus an cailín a chasadh sa rínnce. Chuaidh se isteach agus do dhein sé mar dúbhairt an seana=duine leis..... Thainig sé amach agus bhí an cailín amuigh roimis. D'imthigheadar ortha agus bhíodh an cailín a' rádh leis an bhfear gur chuma léi ach gan í leigeant leis an sean duine agus dúbhairt an fear léi ná leigfeadh. Bhíodar a cur dóibh riamh is coidhche gur thángadar go dtí lios. "Seadh!" arsan sean-duine, "téidhir-se abhaile anois, agus go bhfágadh Dia do shaoghal agus do shláinte agat, agus bead-sa agus í seo ag dul abhaile." "Cogar," ansan fear, "Ní bhfuair-ise aon chuid dá duadh san ach mise, b'fhéidir gur b'é do cheann a bhfúghfainn [?] se ar an gclaidhe mar a n-éist-fá agus bhfearra dhuit cuir díot." "Deunfad a dhá oiread oilc ort," ars an sean-duine.
An Seanbhéim Céachta [duchas:4673948]
Stad an feirmeóir agus chuimhnig, ach dúbhairt go dtabharfadh [sé] leis an cailín. D'imthigheadar leó ansan an fear agus an cailín, ach nuair a d'éirig an feirmeóir ar maidean bhí a raibh do stoc aige marbh. Thug sé leis sluasad agus órd agus seo leis chun na leasa. Bhí sé ag raobadh tamall nuair a tháinig an seana-duine agus dubhairt leis an bhfear dul abhaile agus go mbeadh an stoc 'na mbeataidh arís. Chuaidh sé abhaile agus bhí sé tamall ag an dtig nuair a dúbhairt a bhean leis dul ar thuairisc a h-athar. "N'fheadar-sa ca'il t-athair," ar seisean. "Tabharfad-sa leitir dhuit a thabharfaidh ann tú" ar sise. Do thug agus d'imthig sé agus bhí sé ag imtheacht riamh is choidhche go mbain sé amach tig a h-athar. Bhí an t-athair agus a uillin curtha sios trid' an mbórd aige ó bheith ag gol i ndiaidh a inghine. "Croth suas tú féin," arsan fear, "Tá t-inghean n-a beathaidh agam-sa". "Am b'amhlaidh a tháinígis chun a bheith ag magadh fúmsa," arsan t-athair. "Dá mbeadh aon urchar sa guna agam do chaithfinn tú. "Seo leitir duit" arsan fear D'fheuch an t-athair uirthe agus dúbhairt gur b'í lámh a inghine a dhein é sin. Dúbhairt a bheirt mhac an rud ceudna. Chreid an t-athair é ansan. Chuaidh an t-athair agus an bheirt mhac agus an chliamhain ansan go dtí tig na h-inghine, agus
An Seanbhéim Céachta [duchas:4673949]
nuair a chonnaic an t-athair a inghean roimis, thuit sé i laige. "Ó! mo náire é a athair." ar sise, is amhlaidh a cheart duit buidheachas a bheith agat as an bhfear so i dtaobh mise a shabháil agus thug an t-athair móran airgid dóibh agus bhíodar go lán t-sásta as san amach.
Original reference: 0418/1/2
An Seanbhéim Céachta
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5