Abstract: Story collected by a student at Scoil N. Gobnait school (Dunquin, Co. Kerry) from 2 informants.
Original reference: 0418/1/29
School Scoil N. Gobnait [Vol. 0418, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Piseoga [duchas:4674008]
Fachta ó Pádruig Ó Lonndraigh (35 bliadhain) Seanntóir Dhún Caoin Daingean Uí Chúise agus Seán Ó Muircheartaigh (32 bld) Gleann Loice Dún Caoin Tórramh 1) Ní ceart gol ar mharbh go mbeadh an corp nighthe 7 biorrán ag ceangal na stocaí le chéile. 2) Gan aon deóir a ghol go mbeadh an duine éaguithe i gceart le h-eagla go ndúiseófaí na madraí alla ar bhóthar na siorraidheachta agus ná feudfadh éalódh thársa gan iad a dhúiseacht. 3.Caithfidh an duine a bheith leath-uair a chloig marbh sar is ceart aon cuir isteach a chur air. Bhí bean sa pharóiste seo gurb' ainm di Neil Pheig .i. máthair chríona Chrúigir agus goileadh airthe láithreach baill tháinig an t-anam aríst innte
Piseoga [duchas:4674009]
agus d'eachtraig si ar na bóithre a bhuail léi 7 a chaith si a shiúbhal. D'innis sí dhon sagart é 7 thug se géilleadh di. Bhí sí 18 bliadhain nuair a thuit so amach airthe 7 mhair sí 'na dhiaidh sin go raibh sí 85 bliadhan. 4. Is ceart beirt a dhul le sceala báis 7 beirt a dhul ag triall ar gach rud a theastuigheann do thig an tórraimh. 5. Is ceart bean a bheith ins gach cairt a théidheann ag triall ar an dtórramh. Uair amháin chuaidh beirt fhear ag triall ar thórramh 'an Daingean ón bparóiste seo b'eadh iad 7 chonnaic an poiblidheacht go léir bean na dteannta sa chairt, agus ó shin riamh ní théidhtear ann gan bean. 6.An cheud rud a deintear treis lucht an tórraimh a theacht ná an corp a clúdach (aibíd a chur ortha) agus ansan gol air, An dara rud a deintear ansan 12 coinneal a lasadh agus an cheud ceann a lastar a mhúchadh ar deire. Coinneal úghdaís a tugtar airthe seo
Piseoga [duchas:4674010]
An tríomhadh rud a deintear na pípeanna a líonadh agus iad a roinnt amach. Is ceart des gach éinne ceann a thógaint agus paidear a rádh le hanam an duine mairbh agus ansan í dheargadh. Maran gcaitheann tú tobac is ceart duit smut a bhaint do chois na pípe agus é chaitheamh fé an mbórd go bhfuil an corpán .i. rud éigin a d'fhágaint i dtig an tóraimh. Ach go háirighthe ná tabhair leat abhaile slán í. Ar uair an mheádhon oidhche is ceart an Choróin Muire a rádh tréid an aibíd a chur air. 7. Gan aon nídh a bhaineann leis an dtig a chur amach go dtí go n-imtheóchadh an marbh ón dtig. 8. Gach rud a tugtar isteach le linn an choirp a bheith istig a chur amach sar a dtógtar amach an corpán. 9. Nuair a cuirtear bratacha anáirde ós cionn mairbh le dairighthe agus tairngí, caithtear na bratacha a leagadh anuas, a chaitheamh fén mbord, agus an bórd a leagadh ar a chliathán
Original reference: 0418/1/29
Piseoga
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5