Scéal

Abstract: Story collected by a student at Port an Iascaigh school (Tippe, Co. Mayo) from informant Seán Ó Paidín.

Original reference: 0132/4/1

Loading...School Port an Iascaigh [Vol. 0132, Chapter 0004]

County The Schools' Manuscript Collection : County Mayo Schools

INFORMANT
Paidín, Seán Ó
Gender
male
Age
67
Occupation
feirmeoir
Location
Kilmore (Civil parish)
Erris (Barony)
Mayo (County)

transcribed at

 

Scéal [duchas:4365926]

Sgéal    Tá lios in-aice an bhaile seo. Lios beag iseadh é agus is ó'n lios seo a fuair Éach-a-laisín a ainm.      Fadó riamh bhí fear óg ag dul thar an leasa oidhche amháin agus chonnaic sé na sídheogai ag marcaidheacht ar chapallaibh bána. D'innis sé an sgéal do ghach duine acht níor chreid aoinne é mar dubhair síad uilig dá bhfeaifheadh sé iad go bhfuigheadh sé bás go luath indiaid. An dara oidhche chuaidh sé an bealach céadhna agus chonnaic sé na sídheóga airís. Bhí fhios aige ná creidfeadh aoinne é agus bhí sé ar buille. Céard a rinne sé acht cuid de na clocha bána a thabhairt leis ó'n lios. Chreid gach duine annsin é agus bhí áthas mór air ; acht i gceann mí bhí sé ina luighe ar a leabaidh agus bhí na clocha i dtaisge i gclaidhe aige. Tháinigh an sagart chuige lá agus d'fhiafhruigh sé dhó cá raibh sé an oidhche nuair a chonnaic sé na sídheóga. Dubhairt an buachaill go raibh sé ag siubhal thár an leasa seo an oidhche áirithe sin agus go bhfaca sé na sídheóga agus capaill bhreághtha leó. "Céard a rinne tú annsin" arsa an sagart. "Thóg mé cuid de na clochaibh agus thaisbeán mé do na daoine iad. Annsin chuir mé i dtaisge iad agus ó'n lá sin amach bhí mé ag dul chun donachta agus tá mé in-mo leabaidh anois agus gan mé indán é a fhágáil.     Nuair a chualaidh an sagart an sgéal chrom sé ar gháiridhe. "éirigh as sin" ar seisean "agus imthigh leat leat amach. Fáigh na clocha sin atá i dtaige agat agus cuir ar ais ins an áit a fuair tú iad" Rinne an buachaill mar a dubhradh leis

Origin information
Tippe, Co. Mayo
Date created:
Type of Resource
text
Physical description
p. 385a-386
Volume 0132
Note
Collected as part of the Schools' Folklore scheme, 1937-1938, under the supervision of teacher Eibhlín Ní Shíthigh.
Languages
Irish  
Genre
Folktale
Informant location
TippeTipTippeKilmoreErrisMayo
Location
https://doi.org/10.7925/drs1.duchas_4469436
Location
University College Dublin. National Folklore Collection UCD .

Original reference: 0132/4/1

Suggested credit
"Scéal"in "The Schools' Manuscript Collection," held by University College Dublin, National Folklore Collection UCD. © University College Dublin. Digital content by: Glenbeigh Records Management, published by UCD Library, University College Dublin <https://doi.org/10.7925/drs1.duchas_4469436>
Note
Collected as part of the Schools' Folklore scheme, 1937-1938, under the supervision of teacher Eibhlín Ní Shíthigh.
Funding
Supported by funding from the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Ireland), University College Dublin, and the National Folklore Foundation (Fondúireacht Bhéaloideas Éireann), 2014-2016.
Record source
Metadata creation date: 2014/2016 — Metadata created by Fiontar, Dublin City University, in collaboration with the National Folklore Collection UCD and UCD Library. Original Fiontar metadata converted into MODS by UCD Library.

Rights & Usage Conditions

Creative Commons License
Scéal is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.

Copyright of the original resource: University College Dublin

To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5