Abstract: Story collected by a student at Dubhloch school (Doolough, Co. Mayo) (no informant identified).
Original reference: 0133/3/112
School Dubhloch [Vol. 0133, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Mayo Schools
Mo Cheantar Féin [duchas:4366444]
Dúbhloch is ainm do'n bhaile i na bhfuil cómhnuidhe orm. In iarthar pharróiste Cill t-Séine, cois fairrge atá a suidheamh. Níl mórán trácht air mar níl ann acht baile fearainn agus é iargcúlach. Níl ann anois acht timcheall is leithchéad tighthe, agus tighthe cinn sgláta i seadh a bhfurmhór. Acht fadó bhí a dhá oiread de thighthe ann. Go deimhin ní bréag a rádh go raibh droch bhail ar chuid de na tighthe mar an duine a bhí na chómhnuidhe ionnta bhí sé i gconntabhairt a mharbhtha agus b'fhéidir gan duine na deóraidhe sa teach aige lé sagart ná bráthar a thabhairt chuige. Acht chomh beag go raibh na daoine a bhí ann an tráth sin breágh
Mo Cheantar Féin [duchas:4366445]
láidir, folláin agus cruaidh, leigthe, gasta ní mharfhaidís an tráth sin, mar fataí a bhíodh aca ar gach béile, agus arán mion choirce dá ndeanamh féin. Acht na dhiaidh sin níl fir na h-aimsire seo leath-ionchurtha leó. Is iomdha sin duine a fuair bás lé sgór bliadhan agus nach iomdha sean scéalta, pisreóga agus sean amhráin a chuaidh sa gcré leó a bheadh ag teastáil anois dá mbéidis lé fághail. Ní shin lé rádh acht go bhfuil go leór beó fós agus seanchas bhreagh aca gur fiú a bhailiúghadh agus a choingbheál. Sé an fáth gur tugadh Dúbhloch ar an mbaile mar gheall ar loch beag atá suidhte i gceartlár na ndúmhach ann. Tá cáil mór ar an loch chéadhna mar creideann na sean daoine gur
Mo Cheantar Féin [duchas:4366446]
chaith Naomh Pádhraic tréimhse ann, agus go bhfuil lorg a ghlúine lé feiceál go soiléar ar charraig i lár an locha. Fadó bhíodh na céadtha bailighthe na trí lá deirídh de mí an Iúil, ag trosgadh, ag guidhe agus ag deanamh a n-anama ann. Acht lé bliadhanta beaga anuas tá an nós sin caithte i leithtaobh. Tá an loch seo suidhte i dtalamh muinntear Dhonnchadha agus go leór de clúduighthe aige. Is iomdha uair a d'fhéach siad leis an uisge a leigint chun siubhail acht chuile uair a rinne siad iarracht thárlaidh mi-ádh dóibh agus sé an mí-ádh ba ghnáthach go bhfuigheadh bó nó dhó bá ortha. Ar deireadh thiar ghéill siad mar thuig siad nach raibh sé ceart bheith ag corrúghadh uisge an loch
Mo Cheantar Féin [duchas:4366447]
In aimsear an droch shaoghail is ins na dúthaigh a cuireadh na daoine a fuair bás leis an ocras. Chuile lá sa t-seachtmhain bhíodh triúr nó ceathrar marbh agus cuireadh iad sin gan cónra ná éadach. Éabhar agus Seán Tónaí a bhí leagtha amach leis na cuirp a iomchur chun an Cillín ins na dúthaigh. Istigh i bpluid agus bráithlín thart ortha a bhíodh na cuirp agus greim ag an mbeirt óighfhear ar na coirnéil. Thagadh corpanna i dtír leis an t-sáile go mion minic agus b'iad an bheirt seo a chaitheadh iad a chuir. An tráth sin tháinic cloigeannfir i dtír agus cuireadh é leithchéád slat ó'n bhfairrge in áit ar a dtugtar Lúibín a' Chathmain. Lé h-imtheacht aimsire fuair an fhairrge treis ar an dtalamh agus níl tásg ná tuairisg ar uaigh an fhir. Bhailigh Micheál Ó Rudaigh bosca mór agus chuir sé na cnámhaí a bhí n-ochtuighthe isteach ann. Chuir sé i roilic Ghleann Chaisil iad agus lá ar na bhárach fritheadh clúdach an bhosca ós cionn na h-uaighe agus gan tásg ná tuairisg ar na cnámhaí.
Original reference: 0133/3/112
Mo Cheantar Féin
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5