Abstract: Story collected by Séamus Ó Maoilearca, a student at Teach Chaoin (B.) school (Tagheen, Co. Mayo) (no informant identified).
Original reference: 0096/3/25
School Teach Chaoin (B.) [Vol. 0096, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Mayo Schools
Araid an Bhraoinín [duchas:4348977]
Airid An Bhraoinín Airid a chur Muire faoi shuilibh a Mic ar bhruth ar bhraoinín ar chalg ar chaithnín ar dhusta bothair, ná ar ghreamhar móna ar sgealb de chloich, ar sgealb de chrann ar fhionn nó ar at, tarraigh a Colm Chille agus tabhair an anachan leat. Tar-éis an paidir seo a rádh abairsea tracht [ abair seacht] bpaidir seacht n-Aibhe Máire agus cré in onóir Do Dhia agus do Mhuire agus do righ an Domhnaigh mhiorbhuilte le biseach agus foirthín a thabhairt do’n té a bhfuiltear a deanamh na h-airideacht seo do. Roimhe nó tar eis an phaidir lion do bhéal le h-uisge. Caith amach an t-uisge as do bhéal agus más dusta ná deanach atá in do shúil chifidh tú é ins an uisge a’ chaithtear amach. Is féidir an airid seo a dheanamh aon lá de’n t-seachtmhain acht deirtear go mbionn sé i bhfad níos éifeachtaighe é a dheanamh Diardaoin roimh luighe na gréine. Geobhann fear déanta na h-airide íocaidheacht éigin cúpla
Araid an Bhraoinín [duchas:4348978]
pighinn nó píosa tobaca.
Original reference: 0096/3/25
Araid an Bhraoinín
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5