Abstract: Story collected by Séamus Ó Maoilearca, a student at Teach Chaoin (B.) school (Tagheen, Co. Mayo) (no informant identified).
Original reference: 0096/3/3
School Teach Chaoin (B.) [Vol. 0096, Chapter 0003]
County The Schools' Manuscript Collection : County Mayo Schools
Seanchas i dtaobh na hAimsire [duchas:4348929]
Seanchus I dTaobh Na h-Aimsire Fadó bhí a lán eolais ag na daoine i dtaobh na h-aimsire agus bhí fhios aca nuair a bhéadh athrú ag teacht ar an aimsir. Nuair a bhíonn fearthain ag teacht bíonn na néalta dubh agus íseal agus bíonn fáinne buidhe thart ar an ngealaigh agus í an chómhgarach dí agus shílfeá go mbeadh na sléibhte an chómhgarach duit. Nuair a chorruigheann tú an ghríosach san oidhche má bhíonn dath gorm air deirtear go mbeidh baisteach again sar i bhfad. Má thuiteann súithche anuas an similéar sin comhartha baitsighe. Mara mbíonn an similar ag tarraingt go maith deirtear gur comhartha baistighe é sin freisin. Má luigheann an cat in aice na teine agus a dhruim leis sin comhartha báistighe. Má bhíonn an toit ag dul suas díreach sa spéir ón
Seanchas i dtaobh na hAimsire [duchas:4348930]
similéar sin comhartha báistighe. Má bhíonn an criogair ag seinm agus an gearradh stocaí nó ag teacht amach ar an teinteán sin comhartha báistighe. Bheireann an ghaoth andheas agus an ghaoth aniar báisteach leo, an ghaoth i dtuaidh sneachta, agus an ghaoth anoir tinneas. Má bhíonn na cloche fluich nó má thriomuigheann siad go tapaidh tar éis ceatha is comhartha baistighe é seo. Má bhíonn na h-éanlaithe ag eitilt go h-íseal nó na faoileáin ag eitilt in aghaidh na fearthaine, nó an spideóg ag teacht go dti an doras, nó na caoirigh ag iarraidh fasgaidh nab a ag rith nó ag iarraidh teacht abhaile go luath sa trathnóna seo comharthaí báistighe. Deirtear go mbíonn na h-éisc ag snámh ar bhárr an uisge nuair a bhíonn fea[r]thain ag brúghadh linn. Deirtear freisin go dtosuigheann an madadh ag ithe féir. Má bhíonn gaoth mhór ag teacht éirigheann an spéir fudháin agus
Seanchas i dtaobh na hAimsire [duchas:4348931]
tagann dath corca air go speiséalta roimh [dul] faoi don gréin. Má bhíonn dath glas ar an bhféir sa ngeimhreadh sin comhartha baistighe. Nuair a sheasaan lachain ar an tsráid ar chois amhain ag féachaint suas ar an spear bíonn báisteach in aice linn. Nuair a bhíonn an cat ag sgríobadh lén a cosaibh sin cosamhlacht stoirme. Má bhíonn na muca ag giúinighil go hard deirtear go mbeidh gaoth mhór again mar deireann na sean daoine go bhfeiceann na muca an ghaoth agus go mbíonn fhios aca nuair a bhíonn stoirm ag teacht. Má thagann na h-éanlaithe fiadháine in aice leis na tighthe comhnuidhthe sin cosamhlacht droch aimsire.
Original reference: 0096/3/3
Seanchas i dtaobh na hAimsire
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5