Abstract: Story collected by Finóla Ní Mheidhre, a student at Lóthar school (Loher, Co. Kerry) from informant Tadhg H..
Original reference: 0466/6/16
School Lóthar [Vol. 0466, Chapter 0006]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Scéalta Crábhaidh [duchas:4735113]
Is mó sgeal crabháid i dtaobh na naoimh go léir i mbéalaibh na ndaoine. Nuair a bhí Naomh Pádruig ag dul thar droichead lá, do shleamhnuig sé ar áit fliuch agus do gháir an leathóg mar gheall ar sin agus do chuir an naomh easganaidhe ar an leathóg agus sin é an fáth go bhfuil beal casta ar an leathóg. Nuair a cheas na guídaigh Ár Slánuigtheór d'eiteall trí éanluaithe thart san am. 'Sé an plíbín a eiteall thart ar dtúis agus nuair a bhí sé ag dul thar an gcrois scread sé amach "Céas é. Céas é." Tá an mí-ádh ar an bplibín ríamh ó shoin. Atá sgread craidte aige. Ní bhíonn aon suimhneas aige ach é ag eiteall thart thart ar a neid i gcómhniude
Scéalta Crábhaidh [duchas:4735114]
beagnách. Ní fágtar na h-uibheacha in a neid fuí amháin. Nuair a chéas na giúdaigh Íosa Críost Aoine an Chéasta. D'eiteall an cros-gob thart agus bhí truagh mhór aige dó. "Saorfaidh mise tú a Íosa ars'an téan. Dhein sé iarracht ar na tairngí a tharraingt amach as chorp Íosa, le na ghob. Ach bhí na tairngí ró mhór agus ró láidir agus theip air íad do tharraingt amach. Ní raibh a ghob sáthach láidir leis na tairngí a tharraingt. Dhein se íarracht a gus íarracht le na dtarraingt. Cam se a ghob ins an tslíge sin agus sin é an fáth go nglaodhtar an "Cros-gob" air. Tá brollach dearg air leis mar atá ar an spideóg. Nuair a bhí sé ag iarraidh na dtairnge a
Scéalta Crábhaidh [duchas:4735115]
tharraingt chimíl sé a bhrollach leis an bhfuil a bhí ar lámha agus ar chosa Íosa. D'fhan an dath dearg ar a bhrollach uaidh sin amach. Ní marbhócadh duine ar bith an cros-gob. Fadó ní raibh aon Rí ag na h-eanlaithe agus dúbharadar go ragaidís ag eitilt agus an éin a eiteall ana aoirde san aer gurbh é sin Rí na néan go léir. Do chuadar ag eitilt go léir san spéir agus chuaid an droilín ar drom an fhiolar agus nuair a bhí an fiolar ana aoirde san éir do sgread sé amach:- "Is mise Rí na néan." Ach d'eiteall an drólín as drom an fhiolar suas i bhfad níos aoirde agus dúbhairt se ní h-eadh "Is mise Rí na néan."
Original reference: 0466/6/16
Scéalta Crábhaidh
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5