Previous | Item 9 of 1506 |

Tomhaiseanna

Abstract: Story collected by Pádraig Ó Cathalláin, a student at Smerwick (B.) school (Murreagh, Co. Kerry) (no informant identified).

Original reference: 0420/3/18

Loading...School Smerwick (B.) [Vol. 0420, Chapter 0003]

County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools

transcribed at

 

Tomhaiseanna [duchas:4675399]

1. Tá sé orth is ní trom leath é (Tainimh)

2. Rud líonta is raghadh a thuille ann. (Corcán lán de phrátaí)

3. Lán na páirce de bhuaibh bhána agus bó dhearg eathtora istigh.

(D'fhiacla agus do theanghain)

4.

Capall sa stábla is é ar cosa anáirde agus gan cnámh na corp.

(Torann)

5. Címh chúghamh iniar ínghean ar Rígh go tiugh teann, fainí óir ar barra baise is cúl a toise trí na ceann (Tuaigh)

6. 

Dodaí ó dod thar farraige anoir ag ínnsint scéil gan bhréag gan chóir.

Tomhaiseanna [duchas:4675400]

(Leitir)

7. Tá sí thoir tá sí siar tá sí i ngáirdín Bhlá Cliath. Is mó a greimh na greimh capaill is ní bhlaiseann sí an fhéar. 
(Speal)

8. Cad é an dath a dhúnann an doras.
(Glas)

9. Cad é an dath a fhásann an féar ar.
(Bán)

10. Tagann sé isteach ar ghualaibh daoine is teigheann sé amach na shnáithín síoda. 
(Móin)

11. Bíonn sé ag coruidhe is ag coruidhe is ní chorruigh sé riamh as an áith.
(Eirbeall na muice)

Tomhaiseanna [duchas:4675401]

12. Ceatharar ag rith, cheathrar ag crith, beirt i mbun eolais beirt i mbun córaic is fear an ghiobhlacháin ag rith na ndiaidh.
(Bó)

13. Gheibheas suas an bótharín gheibheas anuas an bóithrín is thugas ar mo dhrom liom.
(Dréimire)

14. Gheibheas siar an tráigh gheibheas aniar an tráigh, chonnach fiaidh mo radharc d'adhmadh bán, dheineas long, dheineas bhád agus dfan leath den adhmad spárta.
(Píp)

15. Tá tigín beag amuigh sa ghairdín, raghadh na ceadhta agus na mílte isteach amach ní raghfá féin isteach ann i naon chor. 
(Criceóg Beach)

Tomhaiseanna [duchas:4675402]

16. Datach sa ghleann is gan aon spré ann.
(Cach capaill)

17. Féar sa chlann is beart ar.
(Seilimide)

18. Fear sa chúinne is dhá cheadh súil ar.
(Corcán súip)

19. Giarraidhe ar an gcnuic is muga ar a thón.
(Seilimide)

20. Chaitheas anáirde é chómh bhán lé sneachta is tháinig sé anuas na ór buídhe leachta.
(Ubh)

21. Baraille ar an dtráigh is a dhá cheann dúnta.
(Ubh)

22. Is mé gach aoinne, scríobh mo dhroim is

Tomhaiseanna [duchas:4675403]

Ní me aoinne 
(Scathán)

23. Tobairín fíor uisce ar fhíor bharra an t-sléibhe dhá fhuinneóigín ghloinne is doraisín clé.
(D'aghaidh)

24. Beirt fhear de mhuintir chró ag baint slath lá ceóig, an slath a bhainidís ní thugaidís leó agus an slath ná bainidís thugaidís leó.
(Dá phreachán ag baint chleití ar a chéile)

25. Teachtaire beag ó thig go tig is bíonn sé amuigh is d-oidhche.
(Casán)

26. Is tú maicín mo dhadaí is tú úncailín mo mhamaí, is tú mo dhriotháirín padí, is m-úncailín féin.
(Leas driotháir)

Tomhaiseanna [duchas:4675404]

27. Glas ar an abhainn thall sa bhfus. 
(Leach oidhear)

28. Bó bhán ag siúbhal na trágha is gan cnámh na corp.
(Borradh)

29. Cad is cuime ná an abhainn.
(Snaithín a scaoilfeá as stoca)

30. Tá sé sa mhúinfhéas is ní baintear é agus tá sé sa tsiopa agus díoltar é.
(Scáth)

31. Címh chúghamh aniar trí chapaill tí srian trí fuighlíní óir is trí gheodhsaidáin fíadh.
(Socraidh caith fiadh)

32. Trí cinn de mhuca bána ag féachaint siar ar bhaile Dhála, díosfaidís a dfiocfaidh is a dtáinig riamh ach ní eachfaidís oiread

Tomhaiseanna [duchas:4675405]

do cháine.
(Trí teamhpail)

33. Is longh ar uisce í is bádh ar phort í is fiú dhá chead óir í agus ceist mhór orth í.
(An Gheallach)

34. Bean fhada ghleágal agus crios dhá toabh féin uirthe.
(Punainn choirce)

35. Uisce goirt gan salann gan sáile.
(Uisce bhéadh istigh i ngorth)

36. Címse é agus ní chionn tusa é agus is giorra dhuitse e ná dhomsa.
(Do chúl)

37. Cad is cosamhail lé leath na geallaidhe
(An leath eile)

Tomhaiseanna [duchas:4675406]

38. Cad is caime  ná an aba.
(Na puirt a bhíonn ar gach taobh di)

39. Capall donn i lár h-abhann is ní féidir do aoine dul na dhrom.
(éascú)

40. Cad is aoirde ná na cnuic.
(Na scamaill)

41. Bairrile gan tón gan ceann agus é lán d'fheóil dúinn.
(Mearacán tailliúra)

42. Chuarduaigheas agus ní fuaireas dá bfáigin é ní thabharfainn liom é, ní bhfuaireas é agus thugas liom (dealga bheadh id' chos)

43. Cad é an dath a mhilleann na prátaí.
(Dubh)

Tomhaiseanna [duchas:4675407]

45. Bairrlín bhán ar thaobh an tíghe ciacu againn aráon a raghaidh a níghe.
(Sgáth na gealaighe ar thaobh an tíghe)

46.  Chuaidh biadh go dtí triúr ar bharra loch léin, d'ith an biadh an triúr agus tháinig sé féin.
(Fiolar a thug cat mar bhiadh go dtí na ghéarchaig d'ith an cat na géarcaig istháinig se féin abhaile)

47. D'fhéachas amach a fhuinneóg agus chonnac na mairbh ag tarrach na mbeó.
(Gluaisteán ag iomchur dhaoine)

48. Trí cosa anáirde dhá chos ar talamh ceann duine beó i mbeal duine mairbh.
(Corcán ar ceann mná)

49. Is breághtha é ná an sioda agus is buidhe é ná an t-ór, is guirme é ná bláth líon gais a baintear sa bhfóghmhar.

Tomhaiseanna [duchas:4675408]

50. Rud ana-bheag bíonn sé buidhe na lár agus a sgíthiá bán agus gan fé acht aon chos amháin.
(Neóinín)

51. Ceist a chuireadh ar Easbog, Seachtmain is trí lá, seisear fear i gceart ag aon mhnaoí amháin. 
(Fear goraibh seisear mar ainm ar)

52. Méisín cúmtha cúmtha a beal fuithe agus a tóin anáirde.
(báirneach)

53. Cím cúgham anoir anall inghean an rí go tirm teann fáiní óir i lár a baise agus cúl a coise tr a ceann.
(Tuath)

54. Rugadh leabh ins an Siopan ní nach d'fhear é ná do bhean.

Tomhaiseanna [duchas:4675409]

55. Fear mor dubh in na seasamh sa tsruth agus gan fochal na phus ach, dud, dud, dud.
(Muileann)

56. Much ag tómhac agus (í) beirithe.
(uibe cearc)

57. Fear sa dígh agus beart air.
(Silmide)

58. Connaic beirt é, bhain cúigear é, chogain dhá reag é, agus leig aoinne amháin siar é
(úbhall)

59. An mó ceirthilín shnáithín a raghadh go dtí an ngealach? (aon cheann amháin dá mbeadh sí fada a dhóthain)

60. Bíonn sí thoir, bíonn sí thiar, agus bíonn sí na póca ag an mnaoí liath? (snaois)

Tomhaiseanna [duchas:4675410]

61. Úbhaillín buídhe báidhte i mbeal na tuinne báine? (blúire ime agus é thíos i mbláthaigh)

62. Cosa fada, ceathrúna cama, agus aon t-sú amháin? (tlúgh)

63. Cad is doimhne ná an fharraige? (mearacán táilliúra)

64. Cím chúgham tríd an ngleann fear an chóta ghuirm agus biorán buidhe na léine?
(gliomach)

65. Is cruinne é ná do cheann agus is sia é ná na mílte crann (ceirthilín shnáithín)

66. Fear ón gclocán agus a bhóthar ar a thó aige? (seilmidhe)

67. Bhí sí mí aoise nuair a rugadh Maoise is níl sí ach mí ó shin. (An ghealach)

Tomhaiseanna [duchas:4675411]

68. Caitheamh duine í is chíonn sé í (aibíd).

69. Asnavicha gan feóil agus cluasa gan ceann (birdeóg).

70. Eascú dhúbhadh ghorm i ndoras na cúirte drch sí cúigear agus puiscín cart? (Eas)

71. Chuardaigheas agus fuaireas rud ná dheacair dom á fhághail rud ná geóbhadh. Dia agus ba dheacair do fhághail? (A Mhághaistir)

72. Cad é an bóthar go soillsigh an ghrian ar 7 na soillsig sí riamh ó shoin ar.
(Bóthar a dhein Maois tríd an bhfarraige)

73. Ce chuaidh ar an bhfarraige agus báthadh agus an dream a fhan ar an dtalamh agus a báthadh (Nóá)

74. Chuadhas-sa isteach i ngort bhí tig sa ghort bhí cómhra sa tig bhí deoch sa

Tomhaiseanna [duchas:4675412]

sa chómhra agus chaithead gach aoinne é thógaint cad é an deoch é? (Bás)

73. Fuaireas neadh fuiseóige i sliabh i bpoillín dian daingean docht í fighte fuaighte ar a chéille agus níl aon mhac rí i n-Éirinn do réidteóchadh mo cheist? (Fear a mhairbh garsún i sliabh agus i gcionn bliain ón lá do ghabh sé an t-sligh agus bhí nead deanta ag an bhfuiseóg i gcúl an gharsúin).

76. Cailín ógh uasal ag scuabadh an chaisleáin gan craobh; gan cuaille gan fiú an scartáin (An Ghaoth)

77. Cad is lúgha na beal cuille?
(An rud théigheann isteach ann)

78. Dhá reagh i naon leabaidh agus gan aon duine aca i dtaobh amuigh don nduine eile.

Tomhaiseanna [duchas:4675413]

Spócaí na Rotha

Origin information
Murreagh, Co. Kerry
Date created:
Type of Resource
text
Physical description
p. 495-509
Volume 0420
Note
Collected as part of the Schools' Folklore scheme, 1937-1938, under the supervision of teacher Dd. Ó Loingsigh.
Languages
Irish  
Genre
Folktale
Subject
Riddles   linked data (lcsh)
Riddles--Tomhaiseanna
School location
MurreaghAn MhuiríochMurreaghKilmalkedarCorkaguinyKerry
Location
https://doi.org/10.7925/drs1.duchas_4706813
Location
University College Dublin. National Folklore Collection UCD .

Original reference: 0420/3/18

Suggested credit
"Tomhaiseanna"in "The Schools' Manuscript Collection," held by University College Dublin, National Folklore Collection UCD. © University College Dublin. Digital content by: Glenbeigh Records Management, published by UCD Library, University College Dublin <https://doi.org/10.7925/drs1.duchas_4706813>
Note
Collected as part of the Schools' Folklore scheme, 1937-1938, under the supervision of teacher Dd. Ó Loingsigh.
Funding
Supported by funding from the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Ireland), University College Dublin, and the National Folklore Foundation (Fondúireacht Bhéaloideas Éireann), 2014-2016.
Record source
Metadata creation date: 2014/2016 — Metadata created by Fiontar, Dublin City University, in collaboration with the National Folklore Collection UCD and UCD Library. Original Fiontar metadata converted into MODS by UCD Library.

Rights & Usage Conditions

Creative Commons License
Tomhaiseanna is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.

Copyright of the original resource: University College Dublin

To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5