Abstract: Story collected by Tadhg Ó Caomháin, a student at Naomh Breandán, Baile na nGall school (Ballynagall or Ballydavid, Co. Kerry) from informant Máire Ní Chonchúbhair.
Original reference: 0420/2/8
School Naomh Breandán, Baile na nGall [Vol. 0420, Chapter 0002]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Cruatan [duchas:4675174]
Le línn an choghad mhór a bheith ar siubhal san Eoraip do bhí árthach ag teacht go h-Éireann lé salann ó'n Rúis. Le línn í bheith ag teacht do thárlaidh go mbúail stoirm í agus chaitheadh sí géilleadh nó í bháthadh. Sé rud a dhein sí ná ionntóghadh isteach go dtí Cuas beag ar a dtugtar Cúas na Ceanainn. Do ráinig le duine acu prapáil aníos ar an bhfaill agus tháinig sé ar barra. Do tháinig sé anúas go dtí Baile Reó agus chúaidh sé isteach i dtig Séamas Ó Conchúbhair. Ní raibh fhios ag éinne cad do bhí sé ag rádh ná cad as a tháinig sé ach bhí leap leap ar siubhal aige timcheall an tíghe. Ar deire do chonnaic sé teadán ar crochad anúas agus thóg sé anúas é. Do thosnuigh sé ag pointéal suas go dtí an áit ina raibh an
Cruatan [duchas:4675175]
long. Do bhí fhios ag múinntir an tíghe cad do bhí úaidh annsan agus d'imthigheadar na theannta agus muinntir an bhaile chómh maith. Do chonnaiceadar an t-árthach agus í ag sóncáil fé'n uisge. Do bhí seachtar ínnte agus dob éiginn dóibh beirt eile do thabhairt saor. Ní raibh an captaín le fheiscint in aon áit agus an triúr eile. Tá sé ráidhte gur bé an taoide a sguabh amach íad. Do tháinig an triúr eile anuas arís agus cuireadh fios ar na Costguardí agus rugadar leo iad. Thugadar éadach agus bróga dhóibh mar an t-éadach do bhí ortha bhí sé stolta stracaighthe. I gcíonn seachtmhaine do d'imthigheadar abhaile in árthach a tháinig isteach i gCuan an Daingin.
Original reference: 0420/2/8
Cruatan
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5