Abstract: Story collected by Tadhg Ó Caomháin, a student at Naomh Breandán, Baile na nGall school (Ballynagall or Ballydavid, Co. Kerry) from informant Seamus Ó Shúilleabháin.
Original reference: 0420/2/8
School Naomh Breandán, Baile na nGall [Vol. 0420, Chapter 0002]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
Cruatan [duchas:4675182]
Táinig sna dhroch oídhche gaoithe fadó sa bhliadhain 1839 agus í ag séideadh anúas ón gCom Beag chun Baile an Ghainín. Bhí múinntir críona m-athair ag maireachtain i mBaile an Ghainín an úair sin. Tig-beag sop a bhí aca agus súgán tuídhe á ceanghal. Bhí na h-aon ghála gaoithe ag séideadh tríd an abhainn anúas chucha agus ba gheall lé tóirneach gach aon ghála acu. Bhíodar isteach is amach ar feadh na h-oidhce agus slúaiste aca ag caitheamh aoileach anáirde ar an dtig chun na fuadhúcsí é. Bhí an oidhce ag neartú léithe go bhfuaguidheach an tig a bhí ceangailte
Cruatan [duchas:4675183]
le Seán Ó Bheaglaoí. Ní fhágad cleith ná scolb ná scraithín air. Siné an úair a bhí múinntir Shúilleabháin ag breith chúcha féin mar bhí an gaoth ag dul greamuidhthe i gceann a dtíghe féin. Chuadar i gcabhair a chéile agus rugadar leó dréimirí agus chuireadar cloch mór anáirde ar an dtig. Chúadar isteach annsan agus i gcionn tamaill chúaidh duine acu amach. Núair tháinig sé isteach arís. "Cabhair Dé chúghain a Sheáin ar seiseann le na dhriotháir tá an talamh agus an tig bán le sneachta". Beidh an ghaoth ag cúincí as so amach. Ní raibh faic imthighthe ar an dtig.
Original reference: 0420/2/8
Cruatan
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5