Abstract: Story collected by Maitiú Ó Duinn, a student at Avoca (Newbridge) school (Avoca, Co. Wicklow) (no informant identified).
Original reference: 0925/5/1
School Avoca (Newbridge) [Vol. 0925, Chapter 0005]
County The Schools' Manuscript Collection : Wicklow
Réamhrá [duchas:5036621]
Réamh - Rádh. Fuair an teanga bás, i measg na sleibhte Chille-Mhanntáin timcheall dhá ghlúin ó shoin. Bhí sí eá labhairt de gnáth ag na sean-dhaoine go dtí 1850 nó mar sin. Bhíodh aithne go maith agam ar shean-mhnaoí darbh' ainm Máire Ní Bhroin. Bhí sí in a comhnuidhe ar an mbaile seo le fada ach tháinig sí annso ó Gleann-Mhaoiluighra san chéud cur síos tar éis a pósadh. Do chualas í ag labhairt agus ag cantain dí féin go minic as Gaedhilg agus mé i m' óige. Do labhair sí a lán fhocal agus abartí gaedhilge go lá a báis. Bhí an Ghaedhilg ó'n gcliabhán aice agus ag a muinntear go léir. Cailleadh an teanga tar éis am na gorta, " dubh-dubhach ". Tháinig droch-mheas ar na daoine i dtaobh gach nídh gaedhilge. Ní raibh an Ghaedhilg galánta dar leo; ní iosfadh siad praiseach buidhe, ní labharfadh siad ach béurla. Cuige go labharfadh ? nach raibh an bhéurla teanga na h-uaisle agus na mion-uaisle ? Tugadh suas an teanga dúthach. Ní raibh na "Scoltacha Náisuínta" cionntach, san ceanntar so in aon chor,
Réamhrá [duchas:5036622]
agus chaill na daoine na seana-nósanna, na béasu agus béal oidis gaedhealach beagnach ar fad, agus gur chlaoidheadar leis an mbéarlachas agus gach ar b'ain leis. Tá se mar dúlgas an méid seo do chur sios annso mar réam rádh do'n sgríbhinní seo. Do bhrúigh an béarla isteach ó dhaoine in áirde agus i chómhacht. Anois, an t- athrughadh ! Muna mbíodh na daoine fásta ag déunamh aithrís ar an mbéarlachas taobh amuigh des na scoltacha, céad bhlíain ó shoin, ní raghadh teanga na Sasanaigh ar aghaidh mar do chuaidh sí. Ní gheibhtear teanga nó gnáth-chainnt na ndaoine ar scoil, gheibhtear í sa bhaile agus ar an sráid. Ní thig leis na scoltacha gnáith-chainnt do riaghluighadh no do chuir in usáid. Ead is féidir leó a dhéunamh ? Is féidir teanga do múineadh agus cabhair do thabhairt chun í do leathnughadh ach tá rud éigin níos riachtanaighe. A mhalairt de mhían agus de mheáin tá ag teastáil i measgh na ndaoine fásta. Is riachtanach do chur i n-uíl doibh go dainghean deimhineach nach bhfuil an béarla a
Réamhrá [duchas:5036623]
dteanga féin nó teanga na tíre seo ar chor ar bith. 'Sé cuspóir an leabhair seo an mhían agus an meóin in gach a bhaineann leis an nGaedhilg do chothuigadh, agus an dual ceart in gach íarsma Gaedhilge tá fágta againn do chur ar aghaidh. Tá duithaigh (?) aluinn, seoigh againn i Cille-Mhanntáin agus a sgéul féin le innsint ag gach ball as baile dhí. Tigh Rámhainí, Teampall-fhosaigh, (?) Cille-Mhaig Ghaoithe, Gleann-Áirt, Garra-na-nGabhlán, Páirch na Seabhaighe agus Baile na Páirce, Cnoch-an Fhad agus Sliabh-na-bhFód, labhrann gach ainm aca le glór arsa, uasal, aoibhinn, gaedhealach, do dhuine a thuigeas an glór sam i gceart. Baileóchaimid eólas in a dtaobh agus cuirifimíd síos an t-eólas cruinn sin so leabhar so. Cúis Bhróid dúinn a bheith páirteach i deagh-obair mar seo, clú agus cáil ár dtíre do chur in aírde cómh fada agus tig linn é dheunamh. MAITIÚ Ó DUINN. O.S. 15 lá Bealtaine 1934
Original reference: 0925/5/1
Réamhrá
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5