Abstract: Story collected by Bríghid Ní Éalbháird, a student at Curry (C.) school (Curry, Co. Sligo)Martin Tom.
Original reference: 0170/6/5
School Curry (C.) [Vol. 0170, Chapter 0006]
County The Schools' Manuscript Collection : County Sligo Schools
Reilig [duchas:4694449]
Ní ceart máthair a dul chuig an reilg leis an gcéad páiste a gheibheann bás. Deirtear go mbíonn mí-ádh ar an duine a thuitheas i reilg. Nuair a bhíos duine ag dul ar tórramh is ceart salann a chur ina bhéal agus gránna nó dó a chaith san dteine. Má thuiteann clog nó pictiuir gheobhaidh duine bás. Nuair a gheibheann duine bás ní cheart sul treasna air - níl sé sona. Ní cheart duine mairbh a fhágáil san leabhaidh ina bhfuair sé bás. Ba cheart go n-iompróchaidhe an trosgán bun ós cionn ar a raibh an cónra fágta. Ní cheart trosgán tighe a chur amach an doras roimh an gcónra. Ní cheart an teach bheith gan aoinne nuair a imthigheann an tsochraid. Is ceart cosg a chur leis an gclog nuair a gheibheann duine bás. Má bhíonn socraid scapuighthe beidh ceann eile sar i bhfad. Má bhíonn brionglóid ag duine faoi daoine marbh cloisfidh sé ó na daoine beo agus tá bainis le teacht. Is ceart píopa a lasadh sul a imthigheann duine as teach ina mbíonn duine marbh. An duine is déanaighe a fhágas an reilg sé is túisge a gheobhfas bás.
Original reference: 0170/6/5
Reilig
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5