Abstract: Story collected by Mairéad Ní Cholamáin, a student at Clochar na Trócaire school (Swinford, Co. Mayo) from informant Seán Ó Cholamáin.
Original reference: 0123/1/1
School Clochar na Trócaire [Vol. 0123, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Mayo Schools
Clochar na Trócaire [duchas:4360859]
Seán O'Cholamáin Clúin a Ceaimanna Béal Átha na Muice Timceall seasga bliadhna Feilméar Togadh agus chiath sé a soahal i gClúin a Ceaimanna Timcheall míle siar ó Bhéal Atha na Muice, tá baile beag ar a dtugtar Clún na Ceananna. Tá an baile seo mion-roionnte aríst i mbailte beaga ar a dtugtar Lios toir Leathan, Lios Chonnaill agus Caoldra. Áit ársa is eadh an baile céadhna. Má's maith leat aithne do dhéanamh ar na sídheóga, ná déan dearmad cuairt a thabhairt ar an baile seo. Tá trí Liosa ann, iad i bhfuirm tríantáin. Ar gach ceann aca tá crann ag fás agus tá an -chosamhlacht eatorra. Deirtear go bhfuil casán ag dul ó lios go lios agus anois agus aríst feictear na daoine maithe ag taistil an aistir
Clochar na Trócaire [duchas:4360967]
céadhna. Ní cheart baint ar bith a bheith ag daoine leis an Lios, mar an té a bhíonns cómh neamh eaglach sin agus í a tochailt, ní bheidh aon rath air. Thárla go bhfuil gainimh le fághail i lios amháin ins an baile seo againne. Dubhairt na sean daoine gan bacadh leí, acht bhí triúr buachaillí neamh-eaglacha agus níor chuir siad suim ar bith i gcainnt na seanóirí, agus uime sin thugadar cluas bodhar do'n sgéal. Ar aghaidh leo ag tochailt an leasa cun an gaineamh agus na clocha a fhagháil. D'éirigh go geal leo ar feadh tamaill agus cheap na daoine go raibh deireadh leis na sidheóga agus nach raibh i sgéalta ná sean acht ráiméis. Acht mo léan bhris duine aca a chos agus gan aon amhras b'aisteach an bris a bhí ann. Chuaidh sé chuig an dochtúir agus fuair sé faoiseamh as a chuid pianta, acht ba réidh a thóg an dochtúir é, mar nuair a bhí an chos deisighthe bhí sí cam, agus bhí chos bhacaigh aige ón lá sin amach. Ar aghaidh leis an mbeirt eile, chreideadar nach raibh baint ar bith
Clochar na Trócaire [duchas:4361078]
ag na sídheóga ins an timpist sin. Thosuigheadar ag obair aríst comh mear agus bhíodar indon. Ba ghearr go raibh an obair ar fad críochnuighthe aca, acht má bhí, bhí an éagcóir déanta freisin. D'éirigh duine de'n mbeirt go h-an tinn ar fad. Bhí sé ag éirigh níos measa in aghaidh an lae. Fear dathamhail láidir a bhí ann acht naois ní raibh ann acht gealt ceart críochnuighte. Tháinig biseach air acht má tháinig, ní hé an fear céadhna a bhí ann. Bhí sé in a fheithidín d'fhirín beag, é críon caithce, gan meabhair ná bláth ann, go dtí go bhfuair sé bás. Ba ghearr gur thosuigh an tríomhadh fear ag déanamh rudaí aisteacha go mór mhór nuair a bhí an cogadh sibhialtacht ar siubhal. D'imthigh sé go Sasana agus cuireadh isteach i dTeach na nGealt é agus tá sé ann go fóill. Tá sean-fhocal ann a deireanns gur "fear níós láidre ná Dia a a chuireanns fad siar ar a theach" agus go deimhin is fíor an sean fhocal é: acht go bhfóiridh Dia ar an té a thógas teach idir na leasa. Is beag duine nach féachann roimhe nuair a bhíonns sé
Clochar na Trócaire [duchas:4361138]
ag tógáilt tighe. Bhí nós ag na sean daoine ceithre clocha a fhágáil 'san áit ar mhian leo an teach a thógáil. Tá an nós céadhna ag cuid de na daoine go fóill. Tá daoine ann agus ní thugann siad áird ar bith ar comhairle na sean agus go deimhin bíonn an rian sin ortha. Aon uair amháin bhí fear ins an mbaile seo againne ag tógáil sciobóil. An chéad lá bhí an tsraith Bhuinn fághtha aige. Maidin lá ar na bhárach nuair a chuaidh sé amach bhí iongnadh an domhain air fuil a fheiceál ar na clocha a bhí fághtha aige. Fearacht baile ar bith eile. Bhí buachaillí báire ins an mbaile seo, agus chreid an fear gur b'iad na buachaillí a d'óirt an fuil thart timcheall na h-áite le faithcíos a chur air. Gan aon amhras bhí faitchíos air acht níor mhaith leis tabhairt a rádh do na buachaillí go raibh sgannradh air. Bhí sé ag cur i gcéill nár bhfaca sé tada agus lean sé leis an obair cómh mear agus bhí sé indon. An chéad mhaidin eile bhí fuil le feiceál ní hé amháin ar an gcloch buinn, acht ar
Clochar na Trócaire [duchas:4361149]
an dtalamh thart timcheall na h-áite. Bhí fhios aige annsin nár cheart an sciobóil a thógáil, mar bhí sé díreach san mbealach idir dhá lios. Bhí náire air anois gan aon scioból do chríochnugadh, agus lean sé leis. Nuair a bhí sé críochnuighthe agus deisighthe i gceart, chuir sé an capall isteach ann. Ag uair na meadhon oidhche an oidhche sin, chuala sé an chapall ag pramsáil thart. D'imthigh sé amach agus chéard a bhfeiceadh sé acht an capall sínte ar an urlár agus a dhá chois briste aige. B'éigin do'n bhfear é a lámhadh an oidhche céadhna. Maidin lá ar na bhárach chuir sé an glas ar an doras agus níor oscladh ó shoin é. Deirtear go mbíonn torann le chlos ag an am chéadhna chuile oidhche 'san tseachtmhain ins an scioból sin. Lámh leis an baile seo'againne bhí fear in a chomhnuidhe i mbotháinín beag. Bhí clann mór aige idir inghin agus mac. D'imthigh sé go Sasana in a spailpín. Nuair a bhí a lán airgid tuillte aige, táinig sé abhaile agus thosuigh sé ar theach nua do thógáil. Níor thug sé an dara smaoineamh
Clochar na Trócaire [duchas:4361160]
do'n áit in a raibh sé ghá thógáil, mar bhí glionndar ar a chroidhe an t-airgead a bheith aige chun é a thógáil. Nuair a bhí an teach tógtha aige, agus é maisighthe go deas, chuadadar go léir in a gcomhnuidhe ann. Ó'n lá sin amach bhí an droch rath ag teacht ortha agus bhí sé ag éirighe níos measa in aghaidh an lae. Thosuigh an t eallach ag fághail bháis go dtí nach raibh fágtha acht bó. Annsin tháinig tinneas ar na páistí. Bhi cailín beag amháin ann, í go breágh dathamhail sláinteamhail, páiste cómh breágh agus cífeá i do shiubhal lae. Tháinig biseach uirthí, agus ó'n lá sin amach, órdlach níor fhás sí. Nuair a tháinig biseach uirthí ní hí an cailín céadhna a bhí ann. Bhí sí go tanaidhe agus dath liath bhán uirthí. Deirtear (acht i gcogar deirtear é nárbh í féin a bhí ann chur ar bith acht gur thóg na sidheóga an páisde dathamhail agus gur fhágadar an ráinidhe seo in a h-áit. An blian céadhna tháinig galar aisteach ar duine eile de na chailíní. Bhí sí i gcomhnuidhe ar chrich
Clochar na Trócaire [duchas:4361171]
bhí sí comh dona sin is go raibh áthas ar an athair agus ar an mháthair nuair a fuair sí bás. Ni raibh deireadh leis an mí-ádh go fóill. Bhí gasúr breágh aca agus tháinig pian nimhneach in a láimh. Bhí sé ag dul ó dhochtúir go dochtúir acht is beag faoiseamh a fuair sé as a chuid pianta. Tháinig sé ábhaile gan leigheas, agus ní raibh cumhacht ar bith ins an lámh dheas aige. D'fhás sé suas agus é ar leath-lámh, mar ní raibh sé i ndon an lámh dheas do corruighe. "Dúnadh an doras taréis an foghla" Mar sin leis an athair. Thuig sé in a sgéal nuair a bhí sé déidhneach. Bhí an teach 'san mbealach. Ní raibh an teach go léir san mbealach, seomra amháin a bhí díreach san aistear idir dhá lios. Leag sé an seomra sin agus chuir sé suas ceann eile ag an dtaobh eile de'n teach. Bhí deireadh leis an mi-ádh annsin acht má bhí, bhí an dochar déanta. Bhí fear eile ann agus ní fada ó bhí sé ann. Bhí an saoghal ag dul d'á mhaidí air. Fuair a bhean bás, ní raibh pioc le n-ithe aige fá caoileach an tighe
Clochar na Trócaire [duchas:4361182]
gus bhí an bó deireannach sínte marbh san scioól. Bhí sé go trom-chroidheach, gan piginn ruadh aige. In aice leis an tighe bhí lios mhór. Tráthnóna amháin chuaidh sé amach ag spáisteóracht thart agus c'ár shuidh sé acht ar bharr an leasa, nuair a d'éirigh sé tuirseach. Shuidh sé annsin ag smaoineamh ar an mí adh a bhí tagaithe air le déanaighe agus thuit sé na deora go fras. Ba ghearr gur chuala sé duine éicint ag cainnt leis. D'aithnigh sé an guth agus nuair d'fhéach sé thart, cé bhí ann acht fear a bhí marbh leis na cianta. D'fiafruigh sé dhe céard a bhí ag cur na luighe air. D'innis an fear air cabhrú leis. "Tá deireadh leis an mí-ádh anois" arsa an fear, "ó'n lá seo amach beéidh an saoghal ag dul chun cinn leat. Téigh go dtí an aonach a bhéas i mBéal Athá na Muice amáireach, cífidh tú gamhain giobalach dh'á dhíol ag fear ó'n mbaile seo. Ní bhéidh tóir ar bith ar an ainmhidhe seo agus gheobhaid tú ar punt é. Seo dhuit an t-airgead anois. Béidh do comhursanna ag magadh
Clochar na Trócaire [duchas:4361188]
fút rud mar sin a ceannacht acht ná tóg aon áird ortha. Nuair a thiocfas an gamhain abhaile, béidh sé in a sinmhidhe cómh breágh agus a bhfaca tú aríamh. Seachtmhan ó'n lá seo béidh aonach i mBaile Cathail, téigh chuig an aonaigh sin agus díol an gamhain. Gheobhaidh tú seacht bpunt air. Lean ort ag dul thart ó aonach go h-aonach ag ceannacht go saor agus ag díol go daor, agus ná déan dearmad an ainmhidhe is measa i gcomhnuidhe a ceannacht. Sin é an méid atá le rádh agm anois, acht ná h-innis go neach beo go bhfaca tú mé" Rinne an fear mar h-orduigheadh dó. D'imthigh sé chuig an aonaigh agus cheannuigh sé an gamhain - meatachán ceart críochnuighthe. Bhí iongnadh ar na daoine nuair a chonnaiceadar an margadh a bhí déanta aige, mar cheapadar go mbéadh an gamhain marbh sul a dtéigheadh sé abhaile. An céad maidin eile nuair a chuaidh sé amach bhí iongnadh mór air nuair a chonnaic sé an t athrú mór. Bhí an gamhain go láidir reamhair. Dhíol sé é ag an gcéad aonach eile agus rinne
Clochar na Trócaire [duchas:4360860]
sé brabach mór. Cheannuigh sé bó annsin bó an-ghiobalach ar fad agus thárla an rud céadhna. Lean sé air mar sin ag dul ó aonach go h-aonach agus ba ghearr go raibh sé saidhbhir agus saoghal na bhfuigheall aige. Tá an fear sin beo fós, agus tá an saoghal dul chun cinn leis acht ní maith leis bheith ag trácht ar an rud a thárla dó, mar deirtear gur fearr bheith i do thost fe rudai mar sin. _______________ Máiréad Ní Cholamáin O.S. Cluain a Ceananna Béal Átha na Muice
Original reference: 0123/1/1
Timpeall míle siar ó Bhéal Athá na Muice, tá baile beag ar a dtugtar Clúin na Ceananna.
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5