Bás

Abstract: Story collected by a student at An Clochar, Cathair Saidhbhín school (Cahersiveen, Co. Kerry) (no informant identified).

Original reference: 0476/2/36

Loading...School An Clochar, Cathair Saidhbhín [Vol. 0476, Chapter 0002]

County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools

transcribed at

 

An Bás [duchas:4738809]

An Bás
Abha gan droichead iseadh an bás, nó chun mo theanga d’ath-chliabhánú, abha iseadh é ná féadfadh aoinne dul treasna gan a broga a bhaint de. Sé sin, ní fhéadfadh duine ar bith an taobh eile den mbilleóige do shroisint gan gábhailt tré trioblóidí an bháis. Mar sin “abha chraosaig an chine daonna a shnígheann go fairrge na síoraidheachta” iseadh an bás, nó d’féadfaimís a rádh gur “gaduidhe an anama agus gur sgriosadóir an chuirp é.”
Ar nós gach aon nídh eile ní thagadh an bás i ngan fhios do na daone fadó. ‘Siad fir fógartha nó cómharthaí an bháis ná:- Má bhíonn an bás ana-ghairid don fhear bíonn míogarnach codalta air. “Deire fir an suan, agus an bhean ag faire suas” Bíonn easba codlata ar an mnaoi sar a ghlaodhann an bás uirthi. Má bhíonn na preáchaín ana-thughtha do bheith tímcheall an tighe, bíonn éileamh ag an mbás ar dhuine nó ainmhidhe a bhaineann leis an dtig sin. Acht má thagann na préacháin anuas ar an dtig, gheobhaidh duine de’n lín-tighe bás Má bíonn an coileach ag glaoidh i lár na h-oidhche, nó mar sin,

An Bás [duchas:4738810]

cómhartha iseadh é go dtabharfaidh an bás cuaird ar an dtig. Má bhíonn dhá ceann de bóth-fearthainne istig i mbaile deritear gur cómhartha an-shiúrálta de’n bháis é. Bíonn cómharthaí an bháis roimh gach dream daoinne. Tagann an solas roimh bás muinntir Shíorcháin. Cídhtear an solas sin i dtalamh an duine a bheadh i mbeál an bhais. Cloistear an gol roimh bás mhuinntir Shúilleabháin, agus roimh bás mhuinntir Churráin. Bíonn na chómharthaí ann  cúpla lá nó mar sin roimh bás an dune. Cloisear an ceól leis roimh bás dream aírighte.
Deireann na seanoírí go dtagann a ghaolta féin i gcoinnibh duine agus é ar bhóthar na síoraidheachta. Tagann na leanbhaí óga i gcoinnibh a dtuismightheoírí, aug coinnle ar lasadh aca, do réir na sean daoine. Bhí sagart ann fadó, agus bhíodh sé i gcómhnuidhe ag rádh Aifrinntí d’á athaira bhí marbh. Do thaisbeán an t-athair é féin do uair éigin, agus d’fhiafruigh an sagart de an raibh aon mhaitheas ins na h-Aifrinntí a bhí a rádh aige dó. Dubhairt sé go raibh agus mór-chuid acht go mbfhearr dó an beirt leanbh a chaill sé fadó. 
Nuair a bheadh i ndiaidh báis, deirtear gur cheart do dhuine an deoch, nó fuighleach an dighe a bhí ag an duine breoidhte, do chaitheamh soir, i slighe is go mbeadh micrirí ífrinn á alpadh, agus dá dheascaibh sin caoi a thabhairt do’n anam chun glanadh leis.
Tá sgéal ann i dtaobh an bháis. Lá éigin do cainntigh an bás fear ar an dtráigh, agus dúbhairt sé go

An Bás [duchas:4738811]

bhféadfadh sé gach rud a dhéanamh agus b’fhéidir rud a rághadh d’fhear. Do chuir an fear geall leis na raghadh sé iseach i mbuidéal. Dubhairt an bás leis go raghadh sé. Isteach sa mbuideall leis agus chómh luath agus do bhí sé istigh ann do chuir an fear corc ar an mbuideál agus do chaith sé amach ar an bhfarraige é. I gceann seacht mbliadhna in a dhiaidh sin do bhuail an buideál le fear ar an dtráigh, taréis é do theacht isteach leis an dtaoide. Do bhain an fear an corc de’n bhuideíl agus seo amach leis an mbás. Níor chailleadh aoinne an fhaid is a bhí sé sa mbuideál, acht nuair a fuair sé soar é fein do dhein sé sgrios.
Deirtear gur chailleadh fear i gCarthan, le h-ais Cathair Saidhbhín, fadó. Nuair a bhí an t-uisce chun é do níghe d’eirigh sé aniar ar an leabaidh, agus d’innis sé do ghach duine an radharc a chonaich sé. Do bhuail an sagat leis agus dubhairt sé leis a bheál a dhúnadh agus gan bheith ag nochtadh a sgéil do ghach duine. Lá áirighthe dubhairt sé len-a mhnaoi an tig a ghlanadh suas, go bhfaghadh sé bás amáireach agus do fuair, leis, Seacht mbliadhna a fuair sé ar an saoghal so.
Bhain a leitheíd sin d’fhear eile, deirtear. Do réir n seana-daoine chaithfidh gach duine gábhailt tré theine na bpian. Nuair a bhí sé seo san dteine seo do tháinigh Aingeal chuige agus d’fhiafruigh sé de’n aingeal an fada a bhfaghadh sé annsan. Dúbhairt an t-aingeal leis go bhfaghadh sé seacht mbliadhna eile ar an saoghal so, ach nárb’ fholáir dó a shaoghal do chaitemh do reir nótaí.

Origin information
Cahersiveen, Co. Kerry
Date created:
Type of Resource
text
Physical description
p. 224-226
Volume 0476
Note
Collected as part of the Schools' Folklore scheme, 1937-1938, under the supervision of teacher An tSr. M. de Lourdes Stac.
Languages
Irish  
Genre
Folktale
Subject
Death--Folklore
Death--Bás
School location
CahersiveenCathair SaidhbhínCahersiveenCaherIveraghKerry
Location
https://doi.org/10.7925/drs1.duchas_4786902
Location
University College Dublin. National Folklore Collection UCD .

Original reference: 0476/2/36

Suggested credit
"An Bás"in "The Schools' Manuscript Collection," held by University College Dublin, National Folklore Collection UCD. © University College Dublin. Digital content by: Glenbeigh Records Management, published by UCD Library, University College Dublin <https://doi.org/10.7925/drs1.duchas_4786902>
Note
Collected as part of the Schools' Folklore scheme, 1937-1938, under the supervision of teacher An tSr. M. de Lourdes Stac.
Funding
Supported by funding from the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Ireland), University College Dublin, and the National Folklore Foundation (Fondúireacht Bhéaloideas Éireann), 2014-2016.
Record source
Metadata creation date: 2014/2016 — Metadata created by Fiontar, Dublin City University, in collaboration with the National Folklore Collection UCD and UCD Library. Original Fiontar metadata converted into MODS by UCD Library.

Rights & Usage Conditions

Creative Commons License
An Bás is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.

Copyright of the original resource: University College Dublin

To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5