Abstract: Story collected by Cathal Mac Fhíonntaigh, a student at Naul school (Naul, Co. Dublin) from informant Neans Ní Chealachain.
Original reference: 0787/2/25
School Naul [Vol. 0787, Chapter 0002]
County The Schools' Manuscript Collection : County Dublin Schools
Orthaí [duchas:4384644]
Tá a lán orthaí ann "ortha an déididh" ortha an leonadh, ortha an tromluighe, ortha na fola, ortha an doighte, ortha na péiste, ortha na breoite eachra, ortha na fiabrais, ortha an tinnis, ortha an ruad, ortha an tactha, ortha ar dogadh bhui?, ortha an bhuile ceangail, ortha an dul amudha. Seo cuid acas:-
Orthaí [duchas:4384645]
Ortha an tinnis cinn Ortha Peadair, ortha Phóil, ortha a chur dóran fá rún, ortha a chur Críost O Neamh sile[?] Muire, Sile Dé, sile a chur dóran do féin, sile a chur Críost O Neamh, a slanú corp, ceann is cré, in aimn an Athar, agus an Mhic agus an Spiorad Naomh. Ortha an tinnis croidhe Ortha a chur Criost le croidhe Muire a léigheas, an rud a léigeasfas croidhe Mhuire, leigheasfaidh sé croidhe dhuine. Ortha an Ruadh Ruadh, Ruadh Ruadh ró-ramhar Ruadh, ruadh ruadh cun adhbhar D'fhiafruigh Columcille de Chríost Goidé léigheasfadh an ruadh. An nimh a chur ar gcúl Agus an t-at a chur ar lár Gan dochair a bheith san loit Ach an oiread le bheith slán Ortha an tacra Sainnr, aithrighe tar a brigid agus foin
Orthaí [duchas:4384646]
Ortha an leonadh Ortha ar líon, ar leonadh ar at Ar fhear sidhe O'Conaill Ar fear na súl mbreac Níor chuir Muire dá mac ach ortha a bhí go maith. Ortha an coisgidh fola Tar a athair le cabair Tar a brigidh agus fóir Tar a bhrighid a bhan naomh Gus a da easbhall deagh A chur cosg leis an fuil tá ag teacht go tréan. Ortha guirín Cuimil do lámh don ghuirín agus mar bhéidhfea a chathamh ar an talamh abair:- "Nimh sa talamh, i gcrann agus ins na cloca" Ortha an dóghadh bhuilg Bean mhín as fear borb Mac dé a bhí na luighe sa cholg An arraing sin a chur den doghadh builg 'S nach raibh inntí dith nó dochar.
Orthaí [duchas:4384647]
Ortha an dul amudha A Mhic an gcluin tú an gleo mór seo Atá in ar ndiadh sa ghleann. Ná bíodh faitcíos ort a mathair Sabhalfaidh ar nAthair sin Go mba dún daingean an dún seo a bhfuilmid ann. Go mba sluag dall an sluag tá nar ndiadh sa ghleann. Ard righ an domhain, ós tú fuair an eochar. Go scaraidh tú do chochaill tarainn Amen. Bhí ár slánuightheór ar a sheachnadh o na ?idaigh ag é féin agus a mháthair ag ?bhal sa gleann. Cualadh siad an tóir i ndiadh nuair a dubair síad seo.) Is minic a chuirtí an orthá seo leis na léirí agus iad ar lorg poitín. Ortha in aghaidh cogaidh no in am contabhairt Soir, siar, ó dheas, o thuaidh Gaoi, grian, grineall, cruadhac Gurb é an dún daingean an ? seo a bfuilmid Gurb é an sluagh dall an sluag seo chugainn. Chríost, fuair ar dochar Go spréighidh tú do bhrat beannuighe tharainn.
Original reference: 0787/2/25
Orthaí
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5