Abstract: Story collected by Brighid Nich Énrí, a student at Beannchor Iorrais school (Bangor, Co. Mayo) from informant M. Mach Énrí.
Original reference: 0133/2/22
School Beannchor Iorrais [Vol. 0133, Chapter 0002]
County The Schools' Manuscript Collection : County Mayo Schools
Oíche Shamhna [duchas:4366154]
Oidhche Shamhna bíonn go leor cleasanna gha n-imirt ag na daoine go h-áithrid ag an aos óg. Bíonn na sean-daoine ag cainnt i dtaobh na sídheoga. Deirtear go mbíonn na sídheógha ag siubhal ar na sméara dubha agus nach ceart iad a ithe tar eis oidhche Shamhna mar bhíonn
Oíche Shamhna [duchas:4366155]
siad salach. Bíonn na páistí ag imirt le h-ubhla an oidhche sin. Crochann siad ubhall ón síléar agus féachann siad le'n e a ceapadh agus an té a gheobhas an t-ubhall is féidir leis e a ithe. Deantar cáca agus cuirtear fainne, méaracán, cnaipe, agus pingin isteach ann. Deirtear go mbeidh an té a geobhas an fáinne pósta roimh bhliadhain, agus an té a geobhas an méaracán go mbeidh sé i na tháilliúir, an té a geobhas an cnaipe nach bpósfaidh sé go deo agus an té a geobhas an pingin go mbeidh se saidhbhir. Geibheann na buachaillí éan. Fliuchann siad na sciathain agus leigeann siad isteach chun an tighe í. Deanann sé ar an lampa agus nuair buaileann na sciatháin fliucha ar an ngloine briseann sé e. Teigheann na fir amach i ngairdín cabáiste agus
Oíche Shamhna [duchas:4366156]
tarraingeann gach duine tor cabaiste. Bíonn fear(?) an cabaiste ins an ngairdín agus buailfidh sé na fir. Teigheann siad amach ar an mbothar agus buaileann siad a chéile leo.
Original reference: 0133/2/22
Oíche Shamhna
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5