Abstract: Story collected by Seamus Mac an t- Saoir, a student at Smerwick (B.) school (Murreagh, Co. Kerry) from informant Pádraig Mac an t Saoir.
Original reference: 0421/1/1
School Smerwick (B.) [Vol. 0421, Chapter 0001]
County The Schools' Manuscript Collection : County Kerry Schools
New South Wales [duchas:4675593]
I A chaoicigh mhalluíghthe, ár is easgaine ort agus gráin Mhic Dé Aige an ngasara so atá ceangailthe go dlúth id' thaobh, Is dhearbuigh í láthair Shasanaigh ar an dtriúr í mbréig, Is a chuir na faraire thar fairrge go New South Wales. II An té a bheadh na sheasamh agus ag amharc ar an gcúis dhá phleidhe Do sheasaimh sí ó na seacht ar maidin go dtí taréis a naoí le reacht na ndearbhuighthe do chrith an talamh dhá thúbhairt í mbréig Agus mó thruagh sa an tanam mar sé tá damantha mas fíor d'en gcléir. III Bhí an chroc na seasamh agus an chnáib dhá chasadh leath bliain roim ré Ó chuaidh na dearbhuighthe isteach í ngan fhios aige an ndrom gan séan Mar a mbfeadh fiabhas ár gcaraibh na bhead ár muinil ag cneagadh is ár gcínn san aér, Ach is amlaidh a cheapadh sin a chuir thar fairrge go New South Wales.
New South Wales [duchas:4675595]
IV Bhí casóga gearra glasa deanta ar maidin duinn agus treabsair dá ré[?] Culaith earriag rud nár cleachtamhair í ndúis ár saogail, An tearma fada súd béig sé caithte againn í mbliain a naoí Ar ár dteacht abhaile dhúinn go dtí an Eaglais ó New South Wales. V A Mhaigdhean Bheannuighthe agus a Dhia do cheannuigh sin nach dúbhach é an Do'n mbean do bheathuigh iad agus a tháll bainne dóibh atá go dúbhach na le línn an Aifrinn bhídh ag achair dhuinn is ag guidhe chun Dé, Sin a thabhairt saor abhaile arís go dtí an Eaglais ó New South Wales.
Original reference: 0421/1/1
New South Wales
is licensed under a Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License.
Copyright of the original resource: University College Dublin
To use for commercial purposes, please contact the National Folklore Collection, UCD - See: http://n2t.net/ark:/87925/h1cc0xm5